Aonach Oibre i mBéal Feirste
Samhain 1, 2011
Ar Déardaoin 17 Samhain beidh Aonach Mhór Oibre mar aon le seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge, á reáchtáil ag Forbairt Feirste i gcomhair le Coláiste Feirste agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Tá an Aonach Oibre seo á reáchtáil ag Coláiste Feirste i gcomhair le Forbairt Feirste le breise is sé bliana anuas agus tá an ócáid seo ag dul ó neart go neart gach bliain.
Le breis agus dhá bhliain anuas tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar chamchuairt leis na seimineáir Buntáiste Breise na Gaeilge agus anuraidh nasc an Choláiste agus Forbairt Feirste an Aonach Oibre leis an seimineár agus de bharr gur éirigh chomh maith sin leis an ócáid le suas le cúpla céad dalta scoile a d’fhreastail air, bheartaíodh iad a nascadh arís i mbliana.
Is i gColáiste Feirste a bheidh an ócáid seo á reáchtáil ar an Déardaoin, 17 Samhain. Le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.
I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid, beidh an craoltóir Louise McCreesh a bhíonn ag obair le BBC Raidió Uladh. Labhróidh an peileadóir aitheanta agus múinteoir Gaeilge Marke Harte as Co. Thír Eoghan faoina thaithí féin leis an nGaeilge agus na buntáistí agus na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge dhó agus é ag dul i mbun gairm beatha agus ag obair le Campa Chormaic. labhróidh Ciarán Mac Giolla Bhéin atá ina Oifigeach Foirne Oideachais – Óige & Iarscoile ar a cuid oibre lei Foras na Gaeilge i mBéal Feirste.
Le linn an Aonach Oibre beidh neart eolas a thabhairt amach do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge agus beidh ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal i láthair chomh maith. Anuas ar seo beidh deis iontach ag daltaí scoile eolas a fháil ó ionadaithe na heagraíocht éagsúla a bheith i láthair ag na seastáin.
©Foilsithe ar Gaelport.com