Méid an Téacs

Aonad nua Uathachais le hoscailt i nGaelscoil Bhaile Brigín

Lúnasa 27, 2015

Osclófar Gaelscoil Bhaile Brigín i gContae Átha Cliath maidin inniu don bhliain nua scoile ach i mbliana beidh seirbhís bhreise ar fáil do dhaltaí a bhfuil an t-uathachas orthu.

Tá aonad nua uathachais le hoscailt sa scoil agus múinteoir ceaptha ina mhúinteoir ranga air a dhéanfaidh freastal ar dhaltaí na scoile a bhfuil an t-uathachas ag gabháil dóibh.

Tá an foirgneamh a mbeidh dhá sheomra ranga agus seomra céadfaí ann fós á thógáil i láthair na huaire ach tá seomra ranga curtha ar fáil ag an scoil don mhúinteoir go dtí go gcuirfear an obair thógála i gcrích. Beifear in ann seisear dalta a thógáil i mbliana ach tá súil ag údaráis na scoile múinteoir eile a fhostú don aonad amach anseo agus a líon sin a mhéadú faoi dhó.

Dúirt Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, príomhoide na scoile, le Tuairisc.ie gurbh é an rud ba mhó a spreag an scoil chun an tseirbhís a fhorbairt ná an t-éileamh ó thuismitheoir a raibh páistí leo ag freastal ar an scoil cheana féin ar a leithéid de sheirbhís agus a bhfuil uathachas ar pháistí eile sa teaghlach acu.

“Theastaigh ó na tuismitheoirí go mbeadh deartháireacha agus deirfiúracha na bpáistí a bhí sa chóras Gaelscolaíochta cheana féin in ann an deis chéanna oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil. Theastaigh uainne go mbeadh muid in ann freastal ar an méid is mó páistí agus ab fhéidir linn agus cabhróidh an t-aonad nua leis sin.

“Tá pobal na scoile ar bís faoin aonad úr, agus tá muid ag súil go mór le tabhairt faoi ” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Beidh an áis ar fáil do dhaltaí a chomhlíonann na critéir éagsúla – daltaí a mbíonn deacrachtaí sóisialta acu nó fadhbanna eile a bhaineann leis an uathachas.

Tá aonad dá leithéid i gcúpla scoil lánGhaeilge timpeall na tíre cheana féin; Scoil na Tulaí i gCois Fharraige agus Gaelscoil Chloich na Coillte in iarthar Chorcaí

Gaelscoil Bhaile Brigín

http://tuairisc.ie/aonad-nua-uathachais-le-hoscailt-i-ngaelscoil-bhaile-brigin/