Méid an Téacs

Athrú ar Dháta do Chomhdháil Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta

Meán Fómhair 26, 2011

Tháinig moladh láidir ó scoileanna go n-athrófaí dáta Comhdháil & Cruinniú Cinn Bhliana ESG TEO ón Satharn 1 Deireadh Fómhair mar a bhí beartaithe, go lá scoile, chun deis níos fearr a thabhairt do scoileanna freastal air.

Ghlac Bord Stiúrtha na heagraíochta leis an moladh sin ag a gcruinniú seachtain ó shin, agus, reáchtálfar an Chomhdháil & CCB ar an Aoine 14ú Deireadh Fómhair in Óstán an Ardilaun, Gaillimh dá réir.

Tá cinntí tábhachtach maidir le h-oideachas, comhnascadh scoileanna beaga, agus, múineadh na Gaeilge á ndéanamh faoi láthair ag an Roinn, agus, ní mór do scoileanna Gaeltachta ionchur agus ionadaíocht a bheith acu sa phlé seo. Déanfar na toipicí seo uile a chíoradh ag an gComhdháil agus beidh sé ríthábhachtach go mbeidh ionadaithe óna scoileanna Gaeltachta i láthair ar an lá chun a n-ionchur a dhéanamh sa bplé.

Déanfar cur i láthair chomh maith ar cháipéis na Roinne Oideachais & Scileanna, Páipéar Díospóireachta ar Chreat Rialála do Rollú Scoil,  a foilsíodh i mí an Mheithimh. Beidh impleachtaí aige seo do gach scoil Gaeltachta, agus, beidh na himpleachtaí sin á bplé ag an gComhdháil.

Foilsithe ar Gaelport.com