Méid an Téacs

Athruithe móra ar an siollabas Gaeilge

Meán Fómhair 30, 2011

Tá athruithe móra tagtha ar shiollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta i mbliana.

Ó 2012 ar aghaidh, beidh 40 faoin gcéad de mharcanna an ábhair ag braith ar an mbéaltriail leasaithe agus beidh na marcanna seo le gnóthú i dtréimhse ghairid ama, a mhairfidh 15 nóiméad. Chun cabhrú le múinteoirí agus le daltaí araon ullmhú do na hathruithe seo, tá treoir phraiticiúil curtha ar fáil ag Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge le heisiúint an DVD ‘Cuireadh Chun Cainte’.  Tugann an clár seo eolas ar gach mír den bhéaltriail do dhaltaí atá ag tabhairt faoin ngnáthleibhéal nó faoin ardleibhéal. Tugann sé léargas do mhúinteoirí agus do dhaltaí faoi céard a bheidh i gceist sa scrúdú agus cén struchtúr a bheidh air. Tá ‘Cuireadh Chun Cainte’ oiriúnach do dhaltaí ag gach leibhéal cumais mar go mbeidh comhairle phraiticiúil ann maidir le conas na botúin choitianta a sheachaint agus le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an scrúdaitheoir.  Tá cuid den chlár dírithe ar dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu le cabhrú leo cur lena líofacht, lena stór focal agus lena scileanna cumarsáide roimh an scrúdú. Cuirfear cóip saor in aisce chuig gach scoil sa tír agus déanfar an DVD a sheoladh go hoifigiúil le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne.

Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach go bhfuil cabhair phraiticiúil ar fáil do lucht na hArdteistiméireachta i gCeatharlach chomh maith le bunú Ciorcal Gaeilge Iarscoile.  Tháinig an Ciorcal le chéile don chéad uair le déanaí agus is léir go bhfuil na rannpháirtithe ag baint idir taitneamh agus tairbhe as an deis chun Gaeilge a labhairt go nádúrtha lasmuigh den seomra ranga. Fáilteofar roimh mhic léinn eile ag an gCiorcal Gaeilge. Gach eolas agus foirmeacha iarratais ar fáil ó Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste  ar 059 9158105 nó 085 1340047.

The Nationalist – Glór Ceatharlach