Méid an Téacs

Beáltriail Ghaeilge don Teastas Sóisearach

Meán Fómhair 21, 2011

Rinne beagnach 4,300 dalta an bhéaltriail Ghaeilge do scrúdaithe an Teastais Shóisearaigh sa bhliain 2011. Tháinig torthaí an Teastais Shóisearaigh amach Dé Céadaoin seo caite an 14 Meán Fómhair agus ba spéisiúil na staitisticí a bhain leis an ábhar Gaeilge.

Rinne 48,349 dalta an páipéar Gaeilge (idir ardleibhéal, ghnáthleibhéal agus bhonnleibhéal) as 56,930 dalta a rinne an Teastas Sóisearach i mí an Mheithimh seo caite. D’éirigh le 80.6% as 23,931 dalta grád A,B nó C a fháil sa pháipéar ardleibhéil. Fuair 77.2% as 22,488 dalta grád A, B nó C sá pháipéar  ar an ngnáthleibhéal agus d’éirigh le 76.3% as 1,930 dalta grád A, B nó C a fháil sa pháipéar ar an mbonnleibhéal.

Mar chuid den scrúdú Gaeilge sa Teastas Sóisearach is féidir leis na daltaí scrúdú béaltrialach a roghnú. Tháinig méadú ar líon na ndaltaí a roghnaigh an scrúdú béaltrialach ó 1,687 dalta sa bhliain 2010 go dtí 4,276 dalta sa bhliain 2011. Chomh maith leis sin, tháinig méadú ar líon na scoileanna a d’ofráil an scrúdú béaltrialach ó 54 scoil sa bhliain 2010 go dtí 94 scoil sa bhliain 2011.

Creidtear go bhfuil níos mó daltaí ag roghnú na béaltrialach mar chuid den scrúdú Gaeilge sa Teastas Sóisearach chun taithí a fháil don scrúdú san Ardteistiméireacht. Bronnfar 40% de mharcanna an ábhair Gaeilge ar an mbealtriail san Ardteist ón mbliain seo ar aghaidh.

Ag tagairt do staitisticí an Teastais Shóisearaigh deir Saffron Rosenstock ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge gur maith an rud é scrúdú cainte a bheith mar chroílár an Teastais Shóisearaigh ionas go mbeidh na daltaí ullmhaithe don bhéaltriail atá rompu i mbliain a sé.

Gaelport