Méid an Téacs

Béim curtha ar ról na nEagras i dTuarascáil an Chomhchoiste

Lúnasa 12, 2010

Tá molta ag an gComhchoiste Oireachtais um Gnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta gur cheart ról na n-eagras Gaeilge a aithint sa Straitéis nua don Ghaeilge.Deirtear go mbeidh rathúlacht na Straitéise ag brath ar thacaíocht agus ar chomhordú  na n-eagras.

Bhronn Cathaoirleach an choiste, Tomás Ó Ceit TD, an Tuarascáil ar an Aire Pat Carey TD agus tá 39 moladh déanta inti. Baineann cuid do na moltaí a rinneadh sa Tuarascáil chomh maith  leis an ról a bheidh ag forais stáit éagsúla agus ag an bpobal i bhforfheidhmiú na Straitéise.
Thug an tAire le fios go mbeidh an Taoiseach mar stiúrthóir ar dhíospóireacht sa Dáil agus sa Seanad sa bhfómhar maidir leis an Straitéis. Dúirt sé go raibh dóchasach go mbeidh tacaíocht traspháirtí ann dó.

Dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir na Comhdhála “Tréaslaím leis an gComhchoiste Dála as tuarascáil chuimsitheach a fhoilsiú ina bhfuil moltaí láidre, aontaithe ar bhonn trasphairtí, a bheidh chun leas na Gaeilge sa tréimhse 20 bliain romhainn.”
“D’eascair na moltaí as an bpróiseas comhairliúcháin leathan atá curtha i gcrích ag an gComhchoiste, chun tuairimí, mianta agus riachtanais pobail na Gaeilge a mheas.  Tá súil ag an gComhdháil go nglacfaidh an Rialtas le moltaí uile an Chomhchoiste agus go bhfoilseofar an leagan deiridh den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go luath.”

Foinse
04 Lúnasa 2010