Méid an Téacs

Béim curtha ar ról na nEagras i dTuarascáil an Chomhchoiste

Lúnasa 12, 2010

Tá molta ag an gComhchoiste Oireachtais um Gnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta gur cheart ról na n-eagras Gaeilge a aithint sa Straitéis nua don Ghaeilge mar beidh rathúlacht na Straitéise ag brath ar thacaíocht agus ar chomhordú  na n-eagras.

Moltar freisin  gur cheart ról príomhúil chun geilleagar agus bonneagar na Gaeltachta a fhorbairt a fhágáil faoi Údarás na Gaeltachta  sa Tuarascáil a d’fhoilsigh an Comhchoiste maidir leis an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Bhronn Cathaoirleach an choiste, Tomás Ó Ceit TD, an Tuarascáil ar an Aire Pat Carey TD ag preasocáid a reáchtáladh i dTeach Laighin inniu,  28 Iúil 2010.

Tá 39 moladh a bhaineann leis an gcóras oideachais agus oideachas Gaeltachta, An Ghaeltacht agus normalú na Gaeilge déanta ag gComhchoiste sa Tuarascáil.

Baineann cuid do na moltaí a rinneadh sa Tuarascáil chomh maith  leis an ról a bheidh ag forais stáit éagsúla agus ag an bpobal i bhforfheidhmiú na Straitéise.

Chuir an tAire fáilte roimh an Tuarascáil agus thug sé le fios go mbeidh an Taoiseach mar stiúrthóir ar dhíospóireacht sa Dáil agus sa Seanad sa bhfómhar maidir leis an Straitéis. Dúirt sé go raibh dóchasach go mbeidh tacaíocht traspháirtí ann dó.

Má ghlacann an Rialtas le moltaí na Tuarascála,  beidh sé de chúram ag Oifig an Choimisinéara Teanga faireachán a dhéanamh ar an Straitéis.

Anuas air sin, moltar gur cheart deighilt a shoiléiriú idir chúraimí Údarás na Gaeltachta/na Gaeilge agus Foras na Gaeilge agus a ndualgais a shonrú sa straitéis.

Dúirt an tAire nach raibh sé den tuairim áfach go mbeadh comhnascadh ann idir an dá eagraíocht mar bheadh deacrachtaí áirithe ag baint le gníomh mar sin ó thaobh ama de.

Ag fáiltiú roimh fhoilsiú na tuarascála, dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir na Comhdhála “Tréaslaím leis an gComhchoiste Dála as tuarascáil chuimsitheach a fhoilsiú ina bhfuil moltaí láidre, aontaithe ar bhonn trasphairtí, a bheidh chun leas na Gaeilge sa tréimhse 20 bliain romhainn.”

“D’eascair na moltaí as an bpróiseas comhairliúcháin leathan atá curtha i gcrích ag an gComhchoiste, chun tuairimí, mianta agus riachtanais pobail na Gaeilge a mheas.  Tá súil ag an gComhdháil go nglacfaidh an Rialtas le moltaí uile an Chomhchoiste agus go bhfoilseofar an leagan deiridh den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go luath.”

Chuir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge fáilte roimh an Tuarascáil ag an ócáid  chomh maith agus ghabh sé buíochas leis an gCoiste as an gcomhairliúcháin poiblí a chur ar siúl mar chuid den phróiseas.

Dúirt sé go raibh sé “ríthábhachtach go nglacann an Rialtas leis na moltaí i dtuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais ina n-iomláine, go ndéantar iad uile a chur san áireamh sa dréacht deireanach den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus go gcothaítear aontas tras-pháirtí don Straitéis céanna, ar mhaithe le fiúntas agus le leanúnachas na Straitéise a chinntiú sa ghlúin romhainn.”

Chuir an eagraíocht fáilte roimh líon mór na moltaí go háirithe iad siúd a bhaineann le tábhacht inmharthanacht na Gaeltachta; ról fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht a fhágáil faoin Údarás; ról lárnach na n-eagras Gaeilge deonach i gcur i bhfeidhm na Straitéise; curaclam comhtháite Gaeilge agus measúnú na Straitéise a chur faoi chúram Oifig an Choimisinéara Teanga leis an Taoiseach féin ag tuairisciú do Thithe an Oireachtais ar dhul chun cinn na Straitéise.

Tá an Tuarascáil ar fáil le léamh ar shuíomh Gréasáin Oifig Thithe an Oireachtais anseo.  Cad é do thuairim?  Fág teachtaireacht ar Facebook na Comhdhála nó seol teachtaireacht chuig @gaelport ar Twitter.

©Foilsithe ar Gaelport.com 28 Iúil 2010