Méid an Téacs

Beirt as Corcaigh le bua an dlí agus na díospóireachta

Samhain 14, 2012

Foireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh – Gearóidín Ní Fhíobhuí agus Audrey Ní Loingsigh – a bhuaigh Bréagchúirt Uí Dhálaigh sna Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, Dé hAoine seo caite.

Is é Gael Linn a eagraíonn an comórtas bliantúil seo do mhic léinn dlí i gcuimhne an Bhreithimh Cearbhall Ó Dálaigh. Triúr breithiúna – Mary Laffoy, Roderick Murphy agus Adrian Hardiman – a bhí mar mholtóirí i mbliana.

Dúirt ceannasaí Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, go raibh níos mó deiseanna fostaíochta ar fáil do lucht dlí de thairbhe stádais dhlíthiúil na Gaeilge sa Stát agus san Aontas Eorpach. Ba léiriú ar stádas na teanga é fosta go raibh breithiúna sinsearacha sásta bheith ina moltóirí.

Cabhair don Aifreann

Is minic Gaeil na hardchathrach ag gearán faoina dheacra agus atá sé Aifreann Gaeilge a fháil, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide. Bíonn deacracht freisin ag na Gaelscoileanna teacht ar shéiplínigh chun freastal ar riachtanais spioradálta na ndaltaí iontu. Ganntanas sagart le cumas Gaeilge an chúis a thugtar.

Ach is beag sagart a chuaigh ar scoil i mBaile Átha Cliath nach bhfuil, ar a laghad, Gaeilge na hArdteistiméireachta aige. Chun cuidiú leosan a bhfuil meirg tagtha ar a gcuid Gaeilge leis an Aifreann a léamh i nGaeilge tá leabhrán dátheangach le téacs leasaithe an Aifrinn (móide dlúthdhiosca) eisithe ag Coiste Tréadach na hArd-Deoise.

Is é Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath, Diarmuid Martin, a sheol é i gColáiste na Croise Naofa, arú aréir. Ag cur fáilte roimh an fhoilseachán dúirt an Seanadóir Ronan Mullen gur “i gcás mionlaigh, agus is mionlach tábhachtach é, de dhaonra na hard-deoise, is í an Ghaeilge an teanga is gaire don chroí nó is mó a úsáidtear nuair a bhíonn rudaí tábhachtacha le rá … tá sé fíorthábhachtach dóibh siúd a d’fhoghlaim paidreacha i nGaeilge, nó a bhfuil grá acu don Ghaeilge, go mbeadh an tAifreann ann agus go mbeadh ar chumas an tsagairt é a cheiliúradh i nGaeilge”.

Bonn aitheantais tugtha don scríbhneoir Breandán Ó Doibhlin

Bhronn an scríbhneoir agus colúnaí leis an nuachtán seo, Alan Titley, bonn aitheantais ar an údar, an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin, ag searmanas i mBaile Átha Cliath oíche Luain.

Thar ceann Chraobh Aimhirgin a rinneadh an bronnadh le haitheantas a thabhairt don Doibhlineach as a raibh déanta aige ar son na litríochta.

Dúirt Titley gur dhuine “de ghaiscígh mhóra na Gaeilge é Breandán. Is beag gné de litríocht ná de smaointeoi reacht na Gaeilge nach bhfuil comaoin curtha aige orthu, agus níl rud ar bith a scríobh sé nach raibh ar an gcaighdeán is airde. Scríobh sé úrscéalta sainiúla a bhfuil ardmheas i gcónaí orthu agus d’aistrigh sciar maith mór de chlaisicí na Fraincise go Gaeilge”.

www.irishtimes.com