Méid an Téacs

Bua don teanga agus í de dhíth san Ardteist -Imní faoi chiorruithe in earnáil na Gaeilge áfach

Márta 10, 2011

Tá feachtasóirí Gaeilge ag ceiliúradh an tseachtain seo toisc go bhfuil sé aontaithe ag Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre an Ghaeilge a choinneáil mar ábhar éigeantach go fóill.

Tá an baol ann áfach go mbeidh ciorruithe i ndán d’eagraíochtaí Ghaeilge agus athbhreithniú ar an gcaoi ina gcaitear airgead orthu ar an mbealach. Is bua é ceist na Gaeilge mar ábhar éigeantach dóibh siúd a bhí i mbun feachtais le cúpla seachtain anuas in aghaidh pholasaí Fhine Gael ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge don Ardteist. Dheimhnigh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre sa chlár don rialtas nua, go gcuirfidh siad feabhas ar chaighdeán mhúineadh na Gaeilge agus nach ndéanfar machnamh ar ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge go dtí go gcuirfear roinnt athruithe eile i bhfeidhm ar dtús. Dúirt Éamonn Mac Niallais, feachtasóir de chuid Ghuth na Gaeltachta le Foinse: “Cinnte is dul chun chinn é seo toisc go bhfuil an rialtas nua chun seans a thabhairt do na hathruithe eile sula mbreathnóidh siad ar an gceist arís. “Is maith an rud é freisin go bhfuil siad ag rá go dtabharfaidh siad tacaíocht don Straitéis 20 Bliain, ceann de na moltaí bhí againn.”

Bhí ceist na Gaeilge ina chnámh spairne idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre le linn an fheachtais olltoghcháin agus tá neart conspóide cruthaithe aige le cúpla seachtain anuas. D’aontaigh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre tacaíocht a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.Tá sé geallta acu go mbainfidh siad na spriocanna atá molta ann amach. Tá sé ar intinn ag an rialtas nua líon na ndaltaí a dhéanann scrúdú Gaeilge na hArdteiste ag an ardleibhéal a dhúbailt faoi 2018.  Léiríonn na staitisticí is déanaí nach ndearna ach 14,650 dalta ón 57,839 dalta a rinne an Ardteist an samhradh seo caite an Ghaeilge ag an ardleibhéal. Tá sé aontaithe ag na páirtithe athnuachan a dhéanamh ar an gcuraclam Gaeilge chomh maith leis an gcaoi ina múintear an teanga i scoileanna timpeall na tíre. Ardóidh an rialtas nua líon na marcanna don scrúdú béil go 50 faoin gcéad den mharc iomlán.

Ta Séan Kyne TD, a toghadh in Iarthar na Gaillimhe le déanaí, sásta le pleananna an rialtais nua don teanga. Dúirt sé: “Cuirim fáilte roimh iarrachtaí an rialtais nua feabhas a chur ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na Gaeilge. “Athdheimhneoidh an polasaí seo go bhfuil Fine Gael sa rialtas nua ag iarraidh an rud is fearr d’ár dteanga dhúchais a dhéanamh.” Déanfaidh an rialtas nua athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le cinntiú go bhfuil an t-airgead a chaitear ar an nGaeilge, á chaitheamh ar an gcaoi is fearr ó thaobh forbairt na teanga de. Breathnófar ar na cláir infheistíochta agus ar na cláir mhaoinithe a mbaineann eagraíochtaí Gaeilge tairbhe astu. Déanfar a chinntiú uaidh sin go bhfuil an luach is fearr ar a gcuid airgid a fháil ag saoránaigh na hÉireann uathu. Tá imní ar an Uasal Mac Niallais áfach toisc nach bhfuil Údarás na Gaeltachta luaite sa chlár don rialtas nua. Dúirt sé le Foinse: “Is é an cheist anois ná céard a tharlóidh don Údarás, níl tagairt ar bith déanta don eagraíocht sa chlár.”

Foinse – Orla Bradshaw