Méid an Téacs

Cainteanna ar bun maidir le eagraíocht oideachais náisiúnta a bhunú

Deireadh Fómhair 18, 2011

Tá Gaelscoileanna Teoranta agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i mbun comhphlé faoi láthair maidir leis an dá eagraíocht oideachais a chomhnascadh le chéile.

Glacadh le rún ag comhdháil bhliantúil Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG) ag an deireadh seachtaine i nGaillimh go leanfar leis na cainteanna idir an dá eagraíocht.

Cuireadh tús leis na cainteanna bliain ó shin agus dar le Blathnaid Ní Ghréacháin, Príomhfheidhmeannach Gaelscoileanna Teoranta gur mhór an buntáiste a bheadh ann go mbeadh aon eagraíocht amháin in ann labhairt go húdarásach maidir le ceisteanna a bhaineann le hoideachas trí mheán na Gaeilge.

Chomh maith leis sin, ceapann sí go mbeadh sé tábhachtach go mbeadh spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i dtaobh oideachais trí mheán na Gaeilge á gcomhlíonadh i mbealach comhordaithe amach anseo.

Faoi láthair bíonn ESG ag feidhmiú laistigh de cheantair Ghaeltachta amháin agus faigheann sí maoiniú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Bíonn Gaelscoileanna Teoranta ag cur tacaíochta ar fáil  d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal lasmuigh de cheantair Ghaeltachta agus tá an eagraíocht bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge.

Tá na heagraíochtaí ag súil go mbeadh an dá mhaoinitheoir sásta páirt ghníomhach a ghlacadh sna comhchainteanna seo agus táthar ag súil le freagra  go luath ó na maoinitheoirí maidir le struchtúir mhaoinithe.

Tiocfaidh deireadh le maoiniú ESG ag deireadh na míosa seo chugainn agus níl aon chinneadh glactha go fóill maidir le maoiniú na heagraíochta amach anseo.

©Foilsithe ar Gaelport.com