Méid an Téacs

Cainteanna ar litríocht agus chultúr na hóige

Meán Fómhair 4, 2013

Beidh an tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg ar siúl in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath, Dé hAoine 20ú agus Dé Sathairn 21ú Meán Fómhair i mbliana.

Plé Is é cuspóir na hócáide “plé a spreagadh i measc oideachasóirí scoláirí, foilsitheoirí, aistritheoirí, ealaíontóirí den uile chineál agus daoine eile a bhfuil spéis acu i litríocht agus i gcultúr na n-óg. Díreofar ar stair chultúr Gaelach na n-óg, ar an suíomh reatha, agus ar dhúshláin na todhchaí”.
Triúr scoláirí – Ríona Nic Congáil, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Róisín Ní Ghairbhí –a thabharfaidh chéad chainteanna na hAoine ar “Litríocht na nÓg i rith Athbheochan na Gaeilge”. Athbheochan Amharcfaidh siad ar scríbhneoirí éagsúla – an Piarsach, Tórna agus Liam P. Ó Riain – agus an tionchar a d’imir siad ar an ghné seo de litríocht na Gaeilge.
Beidh cainteanna fosta ar leabhair Chathail Uí Shándair, ar choimicí agus ar chartúin, ar bheochan agus labhróidh Darach Ó Tuairisc ar an chomhlacht Fíbín agus ar dhrámaíocht chomhaimseartha na Gaeilge.
Seolfaidh Alan Titley an leabhar Laethanta Gréine agus Oícheanta Sí tráthnóna Aoine ag 4pm agus labhróidh Siobhán Ní Bhrádaigh agus Lis Ní Dhálaigh ar an soláthar a dhéanann TG4 don óige ina dhiaidh sin.
Féiniúlacht “Cultúr, Teangacha agus Féiniúlachtaí Éagsúla i Litríocht na nÓg” is teideal do chéad seisiún an tSathairn; cúrsaí aistriúcháin a bheidh faoi chaibidil ina dhiaidh sin agus litríocht na n-óg sa seomra ranga tráthnóna an lae chéanna. Tabharfaidh an foilsitheoir Albanach, Agnes Rennie, aoichaint “Creating new books for new readers: how Acair has maintained a children’s book list through a collaboration of shared interests” ag 1pm Dé Sathairn.
Eolas: litriochtnanog13@gmail.com

www.irishtimes.com