Méid an Téacs

Cé a scríobhfaidh na plécháipéisí?

Meitheamh 5, 2013

Cé a thógfadh cinneadh crua nuair a d’fhéadfaí plécháipéis a lorg faoi na moltaí sa tuarascáil ón gcoiste ardleibhéil a bunaíodh chun staidéar a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhain le straitéis trasrannach a fhorbairt bunaithe ar aighneachtaí a fuarthas ó na geallsealbhóirí agus na páirtithe leasmhara eile le linn an phróisis chomhairliúcháin chuimsithigh ar cuireadh tús leis mar chuid den athbhreithniú uileghabhálach a fógraíodh mar gur aithin na húdaráis chuí an phráinn a bhain le dréachtpholasaí nua a cheapadh?

Sea, ní tearc na seifteanna atá ann sa pholaitíocht dóibh siúd atá ag iarraidh cinneadh a chur ar an méar fhada.

Ag labhairt dó ag comhdháil a d’eagraigh an Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i mBaile Átha Cliath le déanaí, dúirt ardrúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, go raibh cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais “athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar oideachais trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta le cúlraí teanga difriúla”.

Ba é cuspóir an athbhreithnithe seo “ná roghanna éagsúla a aithint maidir le hoideachas trí Ghaeilge a sholáthar a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le riachtanais phleanála na gceantar Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta 2012”. Bhunófaí próiseas comhairliúcháin leis na “páirtithe leasmhara” agus bheadh an t-athbhreithniú déanta faoi lár 2014.

Ach nuair a cuireadh ceist ar Ó Foghlú an mbeadh polasaí oideachais ar leith don Ghaeltacht againn i ndiaidh an athbhreithnithe, ní fhéadfadh sé a rá cé acu a bheadh nó nach mbeadh.
Faraor, ní bheidh aon ghá le polasaí oideachais ar leith don Ghaeltacht sara i bhfad. Más fíor don taighde níl ach idir 10-15 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh fiú sna ceantair is láidre Ghaeltachta.

Mar sin féin, níor cheart neamhaird a thabhairt ar fhógra Uí Fhoghlú. Fógra suntasach a bhí ann mar in ainneoin go bhfuil lánleabharlann ann de thuarascálacha stáit faoi cheist na Gaeilge, is ar éigean gur tugadh aird riamh ar cheist an oideachais sa Ghaeltacht.

Mar a dúirt an Dr Peadar Ó Flatharta i dtuairisc a scríobh sé do COGG i 2007, ba bheag “an tábhacht a leagadh ar chóras oideachais Gaeltachta ó bhunú an Stáit i leith, tráth ar bith a raibh plé ar siúl ná moltaí á ndéanamh maidir le todhchaí na Gaeilge go náisiúnta, ná maidir le háit na Gaeilge sa chóras oideachais”.

Dúirt ardrúnaí na Roinne Oideachais ag an gcomhdháil i mBaile Átha Cliath go dtógfadh an t-athbhreithniú san áireamh an taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta faoin ábhar seo, “taighde COGG san áireamh”. B’fhiú go mór tosú le tuairisc Uí Fhlatharta inar moladh go mbunófaí Bord Oideachais Gaeltachta ar a leagfaí cúram iomlán an oideachais Ghaeltachta agus go gcuirfí cúram an oideachais Ghaeltachta agus lán-Ghaeilge ar Aire Stáit de chuid na Roinne Oideachais.

Is léir nach raibh fonn riamh, áfach, ar an Roinn Oideachais caitheamh le pobal na Gaeltachta mar mhionlach a raibh riachtanais agus cearta oideachais ar leith acu. Léiriú ar an dearcadh sin is ea an scrúdú ardteiste atá le déanamh ag cainteoirí dúchais na Gaeltachta, an scrúdú céanna a dhéanann daltaí ardteiste eile nach bhfuil díolúine ón nGaeilge acu. Masla is ea an scrúdú seo don chainteoir dúchais agus do chainteoirí líofa eile mar nach bhfuil aon dúshlán ag baint leis.

Dúirt Ó Foghlú go raibh “dualgas” ar an earnáil oideachais “a chinntiú go mbeidh dóthain daoine ann le cumas sa Ghaeilge chun freastal ar riachtanais Ghaeilge i réimsí oibre éagsúla mar shampla sa dlí, sna meáin, san aistriúchán agus, dar ndóigh, san oideachas”.

Má táthar dáiríre faoin “dualgas” sin, tabharfaidh an t-athbhreithniú aghaidh ar cheist seo an churaclaim don ardteist.
Ochtó bliain ó shin, i 1933, scríobhadh meamram sa Roinn Oideachais a mhol don Ghaeltacht “a number of higher primary schools or senior schools which will not tend to direct the pupils towards black coat occupations but will rather train them for the life to which ordinarily the most of them will be called”.

Ochtó bliain ina dhiaidh sin agus níl oiliúint cheart ina dteanga féin á cur ar dhaltaí na Gaeltachta do phostanna áirithe. Cad as a thiocfaidh na múinteoirí, na dlíodóirí, na léachtóirí, na hiriseoirí agus na státseirbhísigh le cumas ard sa Ghaeilge?

Cé a scríobhfaidh na plécháipéisí?

www.irishtimes.com