Méid an Téacs

Ceiliúradh Cainte i gColáiste Leoin

Meitheamh 4, 2013

Tá 2013 ainmnithe mar Bhliain na Gaeilge.
Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge 120 bliain ó shin le bunú Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1893 agus dá bhrí sin tá ceiliúradh na teanga faoi lán seoil fud fad na tíre i mbliana. Tá na mílte deis úsáide Gaeilge ar fáil don dá mhilliún duine sa phobal a bhfuil Gaeilge ar leibhéil éagsúla acu, chomh maith le daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a fhoghlaim ó thús.

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge agus tá imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Ceann de na tionscnaimh sin ná “Ceiliúradh Cainte i Scoileanna”. Roghnaíodh Dé Céadaoin, 17 Aibreán don tionscnamh áirithe seo agus iarradh ar scoileanna clárú don dushlán chun Gaeilge a labhairt thar 12 uair a’ chloig. B’é aidhm an tionscnaimh ná na daltaí agus pobal na scoile a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin do lá iomlán sa bhaile, ar scoil, le cairde, ag siopadóireacht, ag spraoi agus eile.

I measc na scoileanna a ghlac páirt sa Cheiliúradh Cainte bhí na daltaí i mbliain 2 agus i mbliain 4 i gColáiste Leoin Naofa, Ceatharlach. An múinteoir Gaeilge Karen Ní Riain a d’eagraigh an ceiliúradh agus a threoraigh imeachtaí an lae. Bhí na daltaí féin an-tógtha leis an smaoineamh agus thugadar faoin dúshlán go fonnmhar. Chaitheadar t-léinte leis an manadh “Labhair Gaeilge Liom Inniu” curtha ar fáil ag Conradh na Gaeilge atá ag tiomáint Bhliain na Gaeilge i gcomhar le Bliain na dTóstal.

Bhí Iníon Ní Riain thar a bheith sásta leis an lá. “Bhí ceiliúradh iontach againn agus rinne na daltaí agus na múinteoirí iarracht an-mhór an Ghaeilge a labhairt go nádúrtha i rith an lae” arsa Karen. “Thar aon ní eile bhaineadar taitneamh as an nGaeilge agus thuigeadar gur teanga bheo í agus gur féidir í a usáid go nádúrtha lasmuigh den seomra ranga”.

Bhí am iontach ag gach éinne agus chomh maith leis an teanga a cheiliúradh sa scoil don lá d’eagraigh na daltaí bailiúchán ar mhaithe leis an eagras deonach Headstrong a dhíríonn aird ar shláinte intinne i measc daoine óga. Thug beirt mhac léinn as Bliain 2D, Ciara Céitinn agus Aoife Nic Aonghusa agus an múinteoir Karen cuairt ar Kclr chun tuairisc a thabhairt ar an gclár Tobar an Cheantair faoi Cheiliúradh Cainte i gColáiste Leoin. Ba léir gur bhaineadar taitneamh agus tairbhe as taithí an lae agus as labhairt faoi ar an raidió. Ba léir freisin go mbeidh siad réidh chun a thuilleadh Ceiliúraidh Cainte a eagrú sa scoil roimh dheireadh Bhliain na Gaeilge 2013.

www.carlow-nationalist.ie