Méid an Téacs

Céim mhór ar gcúl glactha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i dtaca le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge

Aibreán 23, 2013

“Céim mhór ar gcúl” atá sa scéim teanga a tháinig i bhfeidhm inné sa Roinn Oideachais agus Scileanna dar leis an scátheagraíocht ar earnáil dheonach na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Is gné lárnach d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 iad scéimeanna teanga na gcomhlachtaí poiblí. Faoi Alt 11 den Acht sin, aontaíonn comhlachtaí poiblí scéim teanga leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, áit a ndéantar cur síos ar ghealltanais an chomhlachta phoiblí i leith seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil don phobal.

Tá amhras léirithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le blianta beaga anuas maidir le córas na scéimeanna teanga, ag rá gur léiriú í an easpa dul chun cinn ar dhaingniú agus ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga faoin Acht ar dhrogall an státchórais a dhualgais i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.

Tháinig céad scéim teanga na Roinne Oideachais agus Scileanna i bhfeidhm sa bhliain 2005. Scéim trí bliana a bhí anseo a leag amach gealltanais na Roinne i dtaobh na seirbhísí a gcuirfeadh siad ar fáil trí Ghaeilge don phobal. Tá an scéim sin in éag ó bhí 2008 ann, agus tar éis cúig bliana fada ag feitheamh ar an dara scéim, tá sin daingnithe anois ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

“Ní hamháin nach dtógann an dara scéim ar an méid a bhí geallta sa chéad scéim, ach go deimhin cuirtear cuid de ghealltanais na céad scéime ar neamhní,” a deir Kevin De Barra, Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Preaseisiúintí
Roimh 2005, is i mBéarla amháin a d’eisigh an Roinn Oideachais agus Scileanna a bpreaseisiúintí. Le daingniú na chéad scéime, gealladh go gcuirfí leaganacha Gaeilge de phreaseisiúintí a fhógraíonn scéimeanna nua nó athruithe polasaí. Sa scéim úr a tháinig i bhfeidhm inné, soiléiríodh nach gá as seo amach go ndéanfaí na preaseisiúintí sin a eisiúint i nGaeilge ag an am céanna leis an leagan Béarla. Dar le De Barra go bhfuil íogair ama ag baint le preaseisiúintí na Roinne, agus gur beag fiúntas a bheadh ann preaseisiúint i nGaeilge a eisiúint seachtain mall ar an leagan Béarla. “B’fhéidir go gcuirfeadh seo tic i mbosca don Roinn”, a deir De Barra, “ach is cur amú airgid a bheadh ann tabhairt faoi seo ar an mbealach ciotach seo toisc nach mbeadh fiúntas ar bith ann don phobal”.

Seirbhísí Teileafóin
Chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna rompu sa bhliain 2005 ina gcéad scéim teanga go gcuirfí uimhir theileafóin tiomnaithe ar fáil chun déileáil le fiosraithe ón bpobal. Tugtar le fios sa dara scéim teanga go mbraithfidh an tseirbhís seo feasta ar líon na mball foirne atá ann chun an tseirbhís a chur ar fáil. Fágann an caveat seo sa dara scéim go bhfuil gealltanais na Roinne maidir le seirbhísí teileafóin anois teoranta agus coinníollach, agus dá bharr nach mbeidh sé soiléir don phobal cén tseirbhís a bhfuil siad i dteideal ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

I gcás seirbhísí do mhúinteoirí, deirtear sa scéim teanga úr go mbeidh seirbhís teileafóin Ghaeilge duine-le-duine ar fáil i gcónaí ón Rannóg Oideachais do Mhúinteoirí, ‘ach an pearsanra is gá a bheith ar fáil’.

Seirbhísí Riaracháin
Faoin gcéad scéim teanga, bhí seirbhís riaracháin trí Ghaeilge duine-le-duine ar fáil ó aonaid ar leith laistigh den Roinn, ba iad sin an tAonad Forbartha Inghairme agus An tAonad Staitistic. Cé go bhfuil tagairt sa dara scéim do na gealltanais maidir le seirbhísí riaracháin trí Ghaeilge ón Aonad Forbartha Inghairme, faoi theideal úr, ní luaitear ar chor ar bith aon ghealltanas a bhaineann leis an Aonad Staitistic.

Earcaíocht
Cuirtear in iúl sa dara scéim teanga de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna go gceapfaidh an Roinn cigirí ar leibhéal an ghráid earcaíochta tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, a chuirfidh an tseirbhís Ghaeilge ar fáil agus a fheabhsóidh an tseirbhís sin. Dóibh siúd ar státseirbhísigh iad roimhe seo agus atá ag obair sa Roinn cheana féin nó ag aistriú isteach sa Roinn Oideachais agus Scileanna ó roinn eile, bronnfar marcanna breise orthu as cumas sa Ghaeilge i gcomórtas inmheánach ardú céime sa Roinn. Cé go mbeidh an Ghaeilge luaite mar chritéir inniúlachta mar sin, ní bheidh sí luaite mar chritéir éigeantach. Déantar cur síos sa dara scéim teanga ar shuirbhé a tugadh faoi i measc fhoireann riaracháin reatha na Roinne Oideachais agus Scileanna a thaispeáin gur lú ná 1.5% den fhoireann riaracháin atá inniúil sa Ghaeilge.

Bealach Éalaithe
Cuirtear an-bhéim sa dara scéim teanga ar na srianta ar acmhainní daonna agus airgeadais laistigh den Roinn Oideachais agus Scileanna. Dar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur léir go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ag lorg bealach éalaithe ó na gealltanais a rinneadh sa chéad scéim, agus gur mó dochar ná maitheas a dhéanfaidh an dara scéim do sheirbhísí don phobal ón státchóras, go háirithe má leanann comhlachtaí poiblí eile an droch-chleachtas seo.

Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag dul chun cainte leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a dhaingnigh an scéim seo, chun an chéim siar seo i leith seirbhísí Gaeilge don phobal a chíoradh.

Foilsithe ar Gaelport.com