Méid an Téacs

Ceist na Gaeilge i gCáinaisnéis 2013

Samhain 20, 2012

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, an scátheagraíocht ar na heagrais dheonacha Gaeilge ag áitiú ar an Rialtas machnamh géar a dhéanamh ar cheisteanna na Gaeilge i gCáinaisnéis 2013, agus tacaíocht a léiriú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

In aighneacht réamhbhuiséid a sheoladh chuig an Aire Airgeadais, Michael Noonan T.D., an tseachtain seo caite, d’éiligh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, lár-chomhairle phobal na Gaeilge, go gcosnófaí na struchtúir thacaíochta don Ghaeilge atá tógtha le dúthracht an phobail agus le tacaíocht an Stáit thar blianta fada.

Tarraingítear aird an Aire Airgeadais ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, agus deirtear nach féidir go mbeadh rath leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge gan infheistíocht agus tacaíocht an Stáit. Tagraítear go sonrach don Chlár Tacaíochta Teaghlaigh agus don Phróiseas Pleanála Teanga, beartais Stáit a fógraíodh níos túisce i mbliana faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Ag tagairt don Chlár Tacaíochta Teaghlaigh deirtear gur gá infheistíocht chuí a dhéanamh ionas gur féidir leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta díriú ar mhodhanna praiticiúla chun tacaíocht leanúnach a thabhairt do thuismitheoirí fud fad na tíre a theastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge.

Maidir leis an bPróiseas Pleanála Teanga, dar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go mbeidh gá le tuilleadh acmhainní agus tacaíochta, go háirithe acmhainní foirne, a chur ar fáil trí Údarás na Gaeltachta do na heagrais phobail a bhfuil cláir oibre dhúshlánacha rompu cheana féin, ionas go mbainfí spriocanna pleanála teanga amach. Deir An Chomhdháil gur gá go gcuirfí oiliúint phraiticiúil ar fáil do na heagrais phobalbhunaithe chun cabhrú leo dul i ngleic leis an bPróiseas Pleanála Teanga.

Cuirtear moltaí chun cinn san aighneacht i dtaca leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, leis an easpa foirne ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), le hÚdarás na Gaeltachta agus le Ciste na Gaeilge. Anuas air sin, moltar gur cheart go dtabharfaí stádas carthanachta go huathoibríoch do na heagrais sin atá ag saothrú in earnáil dheonach na Gaeilge, agus go mbeadh ráta íslithe CBL le híoc acu dá bharr.

Pléitear cuíchóiriú na n-eagras Gaeilge mar mhír ar leith san aighneacht réamhbhuiséid, cuíchóiriú ar 19 n-eagraíocht Ghaeilge atá idir lámha ag Foras na Gaeilge ó 2008.

Dar le Kevin De Barra, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge “Níor tugadh faoi aon taighde ar obair na n-eagras sa tréimhse cheithre bliana ó cuireadh tús leis an gcuíchóiriú. Fad is atáimid ag fanacht ar an atheagar maoinithe, tá ciorruithe móra á gcur i bhfeidhm ar bhuiséid bhliantúla na n-eagraíochtaí de réir a chéile”.

Agus múnla nua maoinithe le cur faoi bhráid na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas ar 12 Nollaig 2012, seachtain tar éis fógairt na Cáinaisnéise 2013, deir De Barra, “Éilímid go gcuirfí na hacmhainní cuí ar fáil sa bhliain 2013 chun tógáil ar an dea-obair atá á cur i gcrích ag earnáil dheonach na Gaeilge le blianta fada. Nílimid i gcoinne athruithe, ach is gá go gcruthófaí go mbeidh pé athruithe a mholtar chun leas na Gaeilge”.

Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar aighneacht réamhbhuiséid na Comhdhála ag an nasc thíos: Aighneacht Réamhbhuiséid.

Preasráiteas de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Foilsithe ar Gaelport.com