Méid an Téacs

Ceist na Gaeilge san Ardteist faoi chaibidil i nGaoth Dobhair

Feabhra 16, 2011

D’fhreastail 150 duine ar chruinniú a bhí eagraithe ag Guth na Gaeltachta agus Coiste na mBan Tí i dTír Chonaill aréir i nGaoth Dobhair chun plé a dhéanamh ar pholasaithe na bpáirtithe polaitíochta i leith na Gaeilge.  Ag labhairt ag an ócáid bhí: John Duffy, An Comhaontas Glas, Piaras Ó Dochartaigh, Sinn Féin; Brian Ó Domhnaill, Fianna Fáil; agus Dinny McGinley, Fine Gael.

Níos túisce inné, rinne Ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, T.D., forógra olltoghchán an pháirtí a fhógairt go hoifigiúil i mBaile Átha Cliath.  Sa cháipéis sin, (leathanach 52) ardaítear ceist na Gaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteistiméireachta, agus deirtear ann go gcreideann Fine Gael “nár chothaigh an Ghaeilge éigeantach fás na teanga nó grá don teanga”.

In ainneoin go raibh gach páirtí a bhí i láthair aréir ceaptha a bheith ag cur a bhforógraí féin faoi bhráid an phobail, is beag cainte a rinneadh nár bhain le polasaí Gaeilge Fhine Gael.