Méid an Téacs

Ceist na teanga ag teacht chun cinn san olltoghchán

Feabhra 16, 2011

TÁ POLASAITHE teanga na bpáirtithe polaitiúla ag teacht chun cinn agus triúr ceannairí páirtí – Micheál Martin, Fianna Fáil; Enda Kenny, Fine Gael, agus Eamon Gilmore, Páirtí an Lucht Oibre – ag déanamh réidh le díospóireacht i nGaeilge a dhéanamh beo ar TG4 anocht ag 7pm.

Thug ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, le fios don cholún seo gurbh é “an lár” seachas “an t-imeall” an áit ba dhual don Ghaeilge. Bhí sé imníoch “faoi sheasamh Fhine Gael maidir le deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge don Ardteist. Céim thubaisteach ar gcúl don teanga a bheadh ann a d’fhéadfadh an obair ar fad atá déanta ar son na Gaeilge a chur ó mhaith”. Polasaí contúirteach a bhí ann, a dúirt sé, agus ba chosúil go raibh rún ag Fine Gael é a chur i gcrích “beag beann ar thuairimí phobal na Gaeilge agus saineolaithe éagsúla. Cuirim fáilte roimh fhógra an Lucht Oibre nach bhfuil sé i gceist acu sin ísliú stádais a thabhairt don Ghaeilge sa chóras oideachais.

“Ba cheart do Enda Kenny déanamh amhlaidh, géilleadh don cheart agus geallúint a thabhairt nach leanfaidh sé leis an gcur chuige místuama seo. Tá súil agam go dtapóidh sé an deis é sin a dhéanamh ag an díospóireacht ar TG4.” Dúirt Martin gur chóir go mbeadh an Ghaeilge lárnach sa saol poiblí agus go gcaithfidh sí bheith “i lár an aonaigh agus tá dualgas orainne mar pholaiteoirí dea-shampla a thabhairt do dhaoine agus an Ghaeilge a úsáid an oiread agus is féidir linn”. Bhí “borradh faoin nGaeilge ar fud na tíre agus tá dearcadh níos dearfaí ag an bpobal i leith na teanga ná mar a bhí le blianta fada. Ní gá ach féachaint ar fhás ghluaiseacht na nGaelscoileanna mar chruthúnas air sin. “Ach in ainneoin an dul chun cinn suntasach atá déanta againn le 15 bliain anuas, tá an Ghaeilge fós áirithe ag UNESCO mar theanga a bhfuil stádas leochaileach aici. Tá léirithe chomh maith ag staidéir éagsúla go bhfuil stádas leochaileach ag an teanga mar theanga phobail sa Ghaeltacht”.

Bhí “plean gníomhaíochta fadtéarmach” ag an Stát den chéad uair ó bunaíodh é sa Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge. Chuir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Eamon Gilmore, in iúl do Thuarascáil go seasfadh a pháirtí “leis an nGaeilge”. Thuig sé go raibh daoine ag smaoineamh ar a gcuid post agus gnólacht agus cúrsaí eacnamaíochta mar a bhí ach “fiú agus cúinsí go dona sa tír, choinnigh muintir na hÉireann riamh a ngrá don Ghaeilge. Ar na príomhthosaíochtaí a bheas ag an rialtas nua beidh fostaíocht a chur ar fáil dár lucht saothair, an geilleagar a atógáil agus dóchas sa todhchaí a chothú arís i muintir na hÉireann. “Ag an am céanna, is den riachtanas é go ndéanfar caomhnú ar réimsí sainiúla eile dár saol. Tá an Ghaeilge ina cuid thábhachtach dár bhféiniúlacht náisiúnta agus chultúrtha. Creidimid gur féidir leis an nGaeilge agus gur chóir di cur lenár dtéarnamh geilleagrach trí úsáid a bhaint aisti go leanúnach sa turasóireacht, sna healaíona agus i gcúrsaí craolacháin.”

Thacaigh a pháirtí leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus chreid sé gur chóir d’Oifig an Taoisigh freagracht a ghlacadh as an straitéis a chomhordú agus a chur chun cinn agus gur cheart don Taoiseach bheith freagrach don Dáil maidir lena cur i ngníomh. Choinneodh Páirtí an Lucht Oibre an Ghaeilge mar “chroí-ábhar éigeantachta” don Ardteistiméireacht bíodh is gur chreid siad go raibh gá ann “athchóiriú suntasach” a dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge; ba cheart go mbeadh daltaí ábalta comhrá a dhéanamh i nGaeilge i ndiaidh dóibh an scoil a fhágáil. D’aithin sé an tábhacht a bhain leis an Ghaeltacht agus bhraith “inmharanthacht agus dul chun cinn” na Gaeltachta “ar chumas a muintire slí bheatha a dhéanamh ina bpobail féin”. I ráiteas i mBéarla a d’eisigh Fine Gael, dúirt urlabhraí thar ceann an pháirtí, Fergus O’Dowd, go raibh polasaí Gaeilge Fhianna Fáil “pathetic”; ní raibh faic déanta ag Fianna Fáil le cuidiú a thabhairt don teanga.

Ba iad Fine Gael an t-aon pháirtí amháin a bhí in ann an teanga “a athnuachan”. Dúirt sé nach raibh ag éirí leis an pholasaí éigeantach agus nach raibh ach 4.4 faoin gcéad de phobal an Stáit ag caint Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Bhí polasaí seasta ag Fine Gael go mbeadh an Ghaeilge roghnach don Ardteist ach thuig an páirtí d’imní an phobail agus bhí Fine Gael ag iarraidh éisteacht leo: “Many stakeholders have passionate and long-standing beliefs on this issue and Fine Gael will consult with these stakeholders before the introduction of Irish as an optional subject.” Bhí straitéis ilghnéitheach ag Fine Gael i leith na teanga a thabharfadh tacaíocht d’fhorbairt na Gaelscolaíochta agus a chruthódh postanna nua sa Ghaeltacht. Bhí tuilleadh pleananna ag Fine Gael fosta, a dúirt O’Dowd, bhí siad ag iarraidh tuilleadh marcanna a thabhairt don scrúdú béil agus, b’fhéidir, cur leis an churaclam: “Fine Gael will double the proportion of Irish students sitting the Higher Level Leaving Certificate exam by 2018.”

SHEOL SINN Féin a gclár teanga i mBaile Átha Cliath inné.

Dúirt urlabhraí an pháirtí, Pearse Doherty, go raibh siad go mór i bhfábhar na teanga agus na Gaeltachta agus nach raibh siad ag iarraidh céim síos a thabhairt dóibh: “Ba cheart go mbeadh ceantair Ghaeltachta á gcosaint … agus á bhforbairt. Sin an fáth go bhfuil muid ag moladh go dtugtar lántacaíocht agus áiseanna don Ghaeilge sa chóras oideachais agus gur gá an córas oideachais trí mheán na Gaeilge a chosaint go dleathach agus sa Bhunreacht.” Mhol Sinn Féin an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a athbhunú mar chomhlacht reachtúil; cúrsaí Gaeloideachais a mhaoiniú go dtí an tríú leibhéal agus coláiste oiliúna do mhúinteoirí sa chóras Gaeloideachais a fhorbairt sa Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach ar bhunscoil agus ar meánscoil agus mhol siad fosta siollabas na Gaeilge a leasú le go mbeadh ní ba mhó béime ar chúrsaí cumarsáide. Bhí siad ar son ceantair nua Ghaeltachta a chruthú, go háirithe i gceantair uirbeacha agus bhí siad ag iarraidh go gcuirfí an plean 20 bliain don Ghaeilge i bhfeidhm.

Scríobhann an Comhaontas Glas ina bhforógra gurb acmhainn luachmhar chultúrtha í an Ghaeilge ag pobal na hÉireann agus gur gá í a chosaint. Tá an páirtí ar son Plean 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge a chur i gcrích go hiomlán; ionad Gaeilge i Roinn an Taoisigh a bhunú le cinntiú go n-achtófar Acht na dTeangacha Oifigiúla i ngach réimse rialtais.
Ba mhian leo go mbainfeadh ranna rialtais úsáid as aistritheoirí a bhfuil aitheantas acu ó Fhoras na Gaeilge agus athbhreithniú ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge, thuaidh agus theas, a chur sa siúl. Agus tá an teangeolaí agus Gaeilgeoir Uinsionn Holmes (www.gar.ie) le seasamh i nGaillimh Thiar mar iarrthóir neamhspleách. Tá corrcholún Gaeilge scríofa ag Holmes don nuachtán seo. Tá sé ag tabhairt tosaíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht mar go bhfuil a “chroí agus anam féin sa Ghaeltacht”. Creideann sé go bhfuil polasaí dátheangach ag déanamh dochair don Ghaeltacht agus nach bhfuil polasaí Gaeilge Fhine Gael ag déanamh “gar” ar bith do chúis na teanga.

The Irish Times – Pól Ó Muirí