Méid an Téacs

Cén scoil?

Eanáir 6, 2017

An t-am sin arís. An tseachtain seo beidh tuismitheoirí ag cur iarratas isteach le haghaidh scoileanna ar leibhéil éagsúla. Cinneadh deacair atá ann. Tá taithí forleathan agam faoi scoileanna anseo in Éirinn agus in Albain agus caithfidh mé a rá go mbeadh sé an-doiligh na scoileanna Béarla anseo i nDoire a shárú maidir le caighdeán teagaisc agus díograis na múinteoirí. Mar sin de, ní déarfainn go húdarásach le tuismitheoir ‘Cuir do pháiste chuig Gaelscoil.’ Ba chóir do na tuismitheoirí an cheist a phlé agus cinneadh ciallmhar a dhéanamh. Tá a fhios agam go bhfuil mé claonta, ach mhaífinn go bhfuil buntáistí ag Gaelscoil nach bhfuil ag scoileanna eile. Léiríonn an suíomh idirlín gaelscoileanna.ie cuid de na buntáistí sin, cuir i gcás go n- éiríonn daltaí dátheangacha níos fearr ag tabhairt airde, go mbíonn siad níos fearr ag díriú ar thascanna, agus go mbíonn scileanna éisteachta agus cumarsáide níos éifeachtaí acu, de réir taighde. Déanann na bunscoileanna Gaeilge go han-mhaith i nDoire in ainneoin míbhuntáiste ollmhóir: tá na trí cinn acu lonnaithe i bhfoirgnimh shealadacha ach tá na tuismitheoirí ag troid go dian chun cúrsaí a athrú. Tugann tuismitheoirí lántacaíocht don naíscolaíocht sa chathair: glacann beirt as trí cinn de na naíscoileanna le huasmhéid daltaí le roinnt blianta anuas. Maidir le hiarbhunscolaíocht i nDoire, tá an insint chéanna ar an scéal: áiseanna den scoith agus múinteoirí den scoth i ngach scoil. Tá ar na tuismitheoirí scoil a bheadh ag freastal ar riachtanais a bpáistí a roghnú. Tá an t-ádh dearg ar dhaltaí atá ag staidéar i mbunscoil Ghaeilge agus ar mhaith leo dul ar aghaidh ag foghlaim tríd an Ghaeilge. Tá an sruth Gaeilge i gColáiste Bhríde ag dul ó neart go neart. Tá sé lonnaithe i bhfoirgneamh nua-aimseartha i scoil fhorásach faoi stiúir foirne a bhfuil taithí leathan aici. Dála an scéil, tá an Gaeloideachas ag teacht ar aghaidh in Inis Eoghain chomh maith. Tá Charlie McConnelogue TD ag cur brú ar an Aire Oideachais faoi láthair le naíscoil, bunscoil agus meánscoil a lonnú ar aon suíomh amháin i mBun Cranncha.

 http://www.derryjournal.com/news/opinion/cen-scoil-1-7759857