Méid an Téacs

Coláiste beo beathach

Eanáir 28, 2014

Tá na coláistí samhraidh do dhaltaí scoile athraithe ar fad.

Sa sean-am bhí córas an-dian i bhfeidhm i gcoláistí áirithe. Má labhair dalta Béarla, cuireadh abhaile é.

Ach, d’ainneoin sin, bhain na daltaí sult as na cúrsaí Gaeltachta agus tháinig siad ar ais bliain i ndiaidh bliana.

Tá borradh agus biseach ar na coláistí anois agus is léir ó chláracha teilifíse go mbíonn na daltaí sna coláistí uilig ó Mhacaire Rabhartaigh go Corca Dhuibhne ag déanamh aoibhnis ar a laethanta saoire ansin.

Tá na háiteanna go léir don samhradh seo i gColáiste Lurgan, Conamara lán ó bhí an Nollaig ann! Mura bhfaca tú daltaí an Choláiste ag ceol ar an Late, Late Show, gabh chuig YouTube anois!

Canann siad leithéidí ‘Amhrán na gCupán’ agus ‘Is tú is áille ’tá beo’(aistrithe ón Bhéarla).

Tá an cóiriúchán ar fheabhas. Fuair siad na milliúin buille ar YouTube.

Cuireann Uinsionn Mac Dubhghaill agallamh ar bhainisteoir an Choláiste, Mícheál Ó Foighil san eagrán reatha de beo.ie.

Tugann Mícheál freagraí gan cham. Is breá liom a bharúlacha ar theagasc na Gaeilge.

Deir sé go bhfuil na billiúin euro caite gach bliain ar an Ghaeilge, nócha faoin chéad de sin tríd an chóras oideachais.

Ach caitear an deich faoin chéad eile ag iarraidh dul i ngleic leis an dochar atá á dhéanamh taobh istigh den chóras oideachais!

Aontaím leis dá mba rud é go raibh múineadh na Gaeilge ceart agus go raibh a cur i láthair ceart nach mbeadh an méid sin eagraíochtaí ‘ Gaeilge’ gan mhaith atá againn de dhíth.

Baineann an Coláiste an-úsáid as an teicneolaíocht nua.Tá áis nua d’fhoghlaimeoirí curtha amach aige: Oide.

Teanglann ar líne atá ann: tá an foghlaimeoir in ann taifead a dhéanamh agus tá an múinteoir ábalta éisteacht leis ar líne agus é a cheartú.

Tá Coláiste Lurgan i dtiún leis an 21ú haois ach ar an drochuair, níl an Rialtas.

Déanann an Coláiste an sárobair seo gan an tacaíocht atá tuillte aige.

www.derryjournal.com