Méid an Téacs

Comhbhrón déanta ag an gConradh ar bhás bhunaitheoir an chéad naíonra lán-Ghaeilge

Meán Fómhair 1, 2015

Tá ómós léirithe inniu ag Conradh na Gaeilge d’Éilís Uí Dhálaigh, bunaitheoir an chéad Naíonra lán-Ghaeilge, a cuireadh i mBaile Átha Luain le linn na seachtaine seo caite. Ba ón mbaile sin ó dhúchas í agus bhí sí deich mbliana agus ceithre scór d’aois.

Dúirt Maolsheachlainn Ó Caollaí, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, nach bhfuair Éilís an t-aitheantas a bhí ag dul di riamh as a cuid oibre i mbunú an chéad naíonra lán-Ghaeilge.

“Díríonn na gradaim agus na haitheantais oifigiúla ar dhaoine cáiliúla a bhfuil aithne ag lucht bronnta na ngradam orthu go minic, agus fágtar na fíorlaochra as an áireamh in amanna, ach is léir gur laoch a bhí in Éilis,” a dúirt sé.

Chomh maith leis an gConradh, bhí baint nach beag aici leis an gCoimisiún le Rincí Gaelacha mar aon le Coiste Náisiúnta na Naíonraí. Ba bhall saoil agus iar-uachtarán den Choimisiún í. Rinne an Conradh agus an Coimisiún comhbhrón lena muintir.
Maireann a clann mac agus iníon Assunta, Eileen, Regina, Ursula, Liam, Marian, Éamon agus Majella chomh maith le garchlann, neachtanna, nianna agus cairde.

www.tuairisc.ie