Méid an Téacs

Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna ag druidim linn

Samhain 15, 2011

Beidh Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna ar siúl in Óstán an Tullamore Court ar An Tulach Mhór i gceann coicíse.

Cuirfear tús le himeachtaí  maidin Aoine, 25 Samhain nuair a ndéanfaidh Uachtarán Ghaelscoileanna Mícheál Ó Broin agus an tAire Stáit Oiliúna agus Scileanna, Ciarán Cannon T.D comhdháil na bliana seo a oscailt go hoifigiúil.

Beidh an chomhdháil seo dírithe ar gach duine atá bainteach leis an scolaíocht lán-Ghaeilge, múinteoirí agus príomhoidí na scoileanna ag an mbunleibhéal agus iar-bhunleibhéal go háirithe.

Leanfar le Léacht na Comhdhála nuair a thabharfaidh An Dr Gerry Shiel, taighdeoir san Fhoras Taighde ar Oideachas, léargas ar thorthaí na Measúnachtaí Náisiúnta ar Léitheoireacht sa Bhéarla agus ar Mhatamaitic i mBunscoileanna a bhíonn ag teagasc trí nheán na Gaeilge.

Díreoidh an Chomhdháil ar chúrsaí litearthachta agus uimhearthachta sna scoileanna lán-Ghaeilge ach go háirithe.

Mar is gnách le linn na Comhdhála beidh léachtaí éagsúla á dtabhairt agus grúpaí sainspéise agus seisiúin chainte ag plé ceisteanna oideachais.  Beidh ábhair éagsúla maidir le cúrsaí scoile agus ceisteanna reatha oideachais á bplé le linn an lae ar an Aoine agus arís ar an Satharn.

Beidh ceardlanna ar úsáid na teicneolaíochta agus áiseanna eile sna scoileanna lán-Ghaeilge ar siúl freisin agus beidh ionadaithe ó eagraíochtaí oideachais agus ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastáin eolais, chun eolas a roinnt le múinteoirí agus leis an bpobal a bheidh i láthair.

©Foilsithe ar Gaelport.com