Méid an Téacs

Comhdháil iontach

Deireadh Fómhair 8, 2013

Cuireadh an t-eagras réamhscolaíochta Altram ar bun sa bhliain 1990 le tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh oideachais luathbhlianta lán-Ghaeilge.

Eagraíonn Altram cúrsaí oiliúna agus cuireann sé acmhainní ar fáil do na baill foirne, do na coistí agus do na tuismitheoirí a bhfuil baint acu le naíscoileanna. D’eagraigh sé comhdháil idirnáisiunta an tseachtain seo caite i nDoire. (Dála an scéil, tá fás agus forbairt ag teacht ar Dhoire mar ionad comhdhálacha – sampla eile de dhul chun cinn na cathrach seo.) Idir na cainteoirí bhí an Dochtúir Antonella Sorace ó Ollscoil Dhún Éideann, a chuir an cheist ‘Cad chuige a bhfuil an dátheangachas tábhachtach?’ Labhair an Dochtúir Piet Van de Craén ó Vrije Universiteit, an Bhruiséil, ar an téama ‘Dátheangachas luath agus an tAontas Eorpach’. Labhair Aodán Mac Póilin (Iontaobhas Ultach) ar an Ghaeilge sa Tuaisceart, agus thug Áine Andrews ó Altram léacht ar ‘Oideachas Gaeilge na luthbhlianta i dTuaisceart Éireann idir bhuanna agus dhúshláin’.

Ar an Aoine bhí ceardlanna ann, ag taispeáint áiseanna atá ar fáil do thuismitheoiri agus do mhúinteoirí. Tá na luathbhlianta thar a bheith tábhachtach. Ba chóir don phaiste tosú ar an dara teanga chomh luath agus is féidir. Ní fheiceann páiste beag fadhb le dhá theanga: cuireann sé iontas ort an dóigh a bhfuil páiste óg ábalta dul ó theanga amháin go teanga eilegan smaoineamh, i ndiaidh tamaillín i naíscoil nó i mbunscoil. Ach ní míorúilt é seo: tá dhá theanga ar a laghad ag dhá thrian de dhaonra an domhain. Nuair a thosaíonn duine níos moille ar theanga, feiceann sé sraith fadhbanna- gramadach, stór focal, aistriúchán srl.: tá sé ag iarraidh a lán a fhoghlaim gan mórán achair ar dhóigh mhínádúrtha. Is féidir teanga a fhoghlaim níos moille sa saol, ach tá sé i bhfad níos deacra. Osclaíonn an dátheangachas an intinn (Sin an fáth go bhfuil mé féin chomh leathanaigeanta sin.) agus tugann sé léargas agus féinmhuinín agus a lán eile don pháiste, ar ndóigh.

www.derryjournal.com