Méid an Téacs

Comhrá Gaeilge do mhicléinn i gCeatharlach

Eanáir 15, 2013

Eagróidh Glór Cheatharlach sraith nua den Chiorcal Comhrá Gaeilge Iarscoile do lucht na hardteistiméireachta an téarma seo.

Díreoidh an ciorcal ar mhicléinn atá ag lorg deiseanna breise chun Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil lasmuigh den seomra ranga. Cuirfidh scoláirí an-fháilte roimh gach deis chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge go háirithe agus méadú mór go daichead fán gcéad de mharcanna iomlán an ábhair i scrúdú na hArdteistiméireachta ag dul don bhéaltriail.

Beidh an Ciorcal Comhrá ar siúl in Ionad Phobail New Oak, Ceatharlach gach Céadaoin tar éis scoile ó 4.30 go 5.30i.n. le tosú ar 23ú Eanair. Leanfaidh na seisiúin cainte seo ar aghaidh go dtí an Cháisc. An táille don téarma iomlán ná €20. Tá líon na rannpháirtithe teoranta agus ní foláir clárú go luath chun áit a chinntiú.

Chun clárú is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach ar eolas@glorcheatharlach.ie nó glaoch a chur ar 085 1340047 nó 059 9158105.

www.carlow-nationalist.ie