Méid an Téacs

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain

Eanáir 14, 2011

Comhghairdeas leis na foirne díospóireachta  ó Choláistí Eoin agus Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath,  agus ó Choláiste Rís, Dún Dealgan,  a bhuaigh duaiseanna ag an dara Craobh Réigiúnach de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain i Má Nuad, Co. Chill Dara aréir ( Déardaoin, 13 Eanáir ).

Sa chraobh shóisearach,  labhair na cainteoirí  óga go heolach ar an rún ‘Is miotas é cairdiúlacht mhuintir na hÉireann!’   Foirne ó Choláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath; Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin, Iarbhunscoil Mhá Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara agus Coláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú a bhí páirteach. Bhí sceitimíní áthais ar a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurb iad  Coláiste Eoin agus Coláiste Rís na curaidh shóisearacha !   Is iad Ciarán Ó Duinneacha agus Seán Ó Coigligh faoi seach na múinteoirí a chuidigh agus a threoraigh na cainteoirí agus iad ag ullmhú don díospóireacht seo.

‘Is féidir linn ár muinín a chur sa chéad ghlúin eile!’  an rún a bhí faoi chaibidil ag na foirne i gcraobh na sinsear -Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, Gaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann agus Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath.   Bhí tuairimí spéisiúla spreagúla ag na cainteoirí uilig agus cinneadh deacair le déanamh ag na moltóirí dá réir !  Is iad foirne Choláiste Eoin agus Choláiste Íosagáin a tháinig amach ar barr ar deireadh, agus a gcuid múinteoirí Ciarán Ó Duinneacha agus Fíona Uí Uiginn í an-bhródúil as a scoláirí!

Rachaidh na foirne bhuacacha ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann den chomórtas ar an Déardaoin, 27 Eanáir 2011 i bPortlaoise.