Méid an Téacs

Comórtas Ealaíne Cúla4

Márta 21, 2013

Tá go dtí 5 Aibreán ag daoine óga chun pictiúr d’aon eilimint ó Aimsir Cúla4 a tharraingt, mar shampla tuar ceatha, an ghrian nó aon rud de do rogha féin, agus é a sheoladh ar aghaidh don chomórtas ealaíne atá á eagrú ag Cúla4 mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

Tá Cúla4 i gcónaí ag tacú le Seachtain na Gaeilge agus tá duais iontach, táibléad, á thairiscint acu i mbliana do bhuaiteoir an chomórtais.

Is breá an duais é agus ba chóir tabhairt faoi do phictiúr a tharraingt láithreach agus é a sheoladh chuig Cúla4, TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.

Ar ndóigh beidh an buaiteoir in ann Aip Cúlchaint 1 agus Cúlchaint 2 a íoslódáil chun cur leis an spraoi. Tá Aipeanna Cúla4 ar fáil saor in aisce agus is féidir iad a íoslódáil ach dul chuig iTunes nó Playstore agus cuardaigh Cúla4 nó TG4.

www.advertiser.ie/galway