Méid an Téacs

Comórtas na Nollag Lár Sráide

Nollaig 20, 2013

Tá lear mór duaiseanna againn i mbliana, urraithe ag Cló Iar-Chonnachta Teo., Gael Linn, TG4, Raidió na Gaeltachta, Móinín agus Conradh na Gaeilge do léitheoirí Lár Sráide le haghaidh chomórtas na Nollag. Tá idir dearbháin, leabhair, dlúthdhioscaí agus go leor eile le buachan. Is iad seo a leanas na ceisteanna.

1. Ainmnigh an dornálaí Éireannach a bhuaigh bonn airgead ag craobh chomórtas an domhain i mbliana?

2. Ainmnigh an TD as Gaillimh Thiar a d’éirigh as páirtí parlaiminte Fhine Gael de bharr easaontas faoin mbille ar ghinmhilleadh

3. Cén t-ainm atá ar an té a chuireann an clár teilifíse Rugbaí Beo i láthair ar TG4?

4. Cá raibh Oireachtas na Gaeilge ar siúl mí na Samhna seo caite?

5. Ainmnigh an bhialann i gcathair na Gaillimhe a bhfuil réalta Michelin bainte amach aige don dara bhliain as a chéile?

6. Cá raibh Fleá Cheoil na hÉireann ar siúl i mí Lúnasa seo caite?

7. Céard é an t-ainm nua atá ar Amharclann an Druid i gcathair na Gaillimhe?

8. Ainmnigh an file Éireannach, buaiteoir an Duais Nobel sa bhliain 1995, a cailleadh i mí Lúnasa na bliana seo?

9. Ainmnigh bainisteoir nua fhoireann sacair Chathair na Gaillimhe?

10. Cén t-ainm atá ar bhanna ceoil Bruce Springstein, a bhí le feiceáil i Luimneach, Corcaigh, Béal Feirste agus Cill Channaigh i mbliana?

Tá go dtí Dé hAoine 3 Eanáir agaibh chun na ceisteanna a fhreagairt, agus is féidir iad a chur chuig Lár Sráide, Conradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, nó chuigconradh@bradan.iol.ie.

www.advertiser.ie/galway

Foilsithe ar Gaelport.com 19 Nollaig 2013

Galway Advertiser, Lár Sráide – Peadar Mac Fhlannchadha