Méid an Téacs

Córais oideachais do mhionlaigh teanga

Deireadh Fómhair 14, 2010

Labhróidh an saineolaí mionteangacha, an Dr. Daniel Bourgeois, ó Moncton, Nua-Bhrunsuic, Ceanada, ag ócáid phoiblí in Óstán na Páirce, an Spidéal, anocht, 14 Deireadh Fómhair ag 8.00in. Tá an léacht, a bheidh ag díriú ar bhainistiú an chórais oideachais do mhionlaigh teanga, á eagrú ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta. Cuirfear tús leis an léacht ag 8.00i.n. agus tá an ócáid oscailte don phobal ar fad.

Beidh réamhráitis á ndéanamh roimh an léacht ag Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis agus Breandán Mac Cormaic, Cathaoirleach Bunaidh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Is saineolaí mionteangacha é an Dr Daniel Bourgeois agus  labhróidh sé ar riachtanais agus ar bhainistiú an oideachais do mhionlaigh teanga. Deir sé gurb é “an t-oideachas an tseirbhís is tábhachtaí is féidir le stát a chur ar fáil do theaghlaigh agus do phobail mhionlaigh atá ag iarraidh a dteanga a chaomhnú. Bíonn inmharthanacht agus seasmhacht teangacha mionlaigh ag brath ar Bhoird Oideachais a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas.”

Beidh Dr Bourgeois ag díriú freisin ar na riachtanais a bhaineann le Bord Oideachais a bhunú, a mbeadh lámh ag tuismitheoirí agus baill an phobail lena riaradh, le bainistiú a dhéanamh ar oideachas an mhionlaigh teanga.

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
14 Deireadh Fómhair