Méid an Téacs

Cruinnithe Poiblí Maidir le Gaelscoileanna nua i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh a phlé

Deireadh Fómhair 4, 2011

Beidh An Foras Pátrúnachta ag reáchtáil cruinnithe poiblí ar an Máirt, 4ú Deireadh Fómhair le hoscailt Ghaelscoil nua i mBaile an tSaoir agus An Chéim(B.Á.C.), i nDúglas(Corcaigh) agus Cnoc na Cathrach(Gaillimh) a phlé. Fáilte roimh chách.

Tá cruinnithe poiblí eagraithe ag An Foras Pátrúnachta, an phátrúnacht náisiúnta do scoileanna lán-Ghaeilge, agus le cabhair ón bhfeachtas Aitheantas, le heolas a thabhairt do mhuintir na gceantar thuasluaite faoi oscailt Ghaelscoileanna nua i mí Mheán Fómhair 2012 agus 2013. Tá fáilte ollmhór do thuismitheoirí agus daoine gur spéis leo oideachas lán-Ghaeilge á chur ar fáil sa cheantar. Is deis iontach í seo don phobal suim agus éileamh a thaispeáint sa Ghaelscolaíocht. Beidh deis ann chomh maith do thuismitheoirí agus caomhnóirí réamh-chlárú a dhéanamh dá bpáistí.

Beidh Caoimhín Ó hEaghra, ard-rúnaí An Fhorais Pátrúnachta, ag caint ag na cruinnithe faoi bhuanna agus  láidreachtaí An Fhorais Pátrúnachta mar phátrúin do Ghaelscoileanna. Ag tagairt don tábhacht a bhaineann le hoscailt Ghaelscoileanna nua sna ceantair seo, dúirt Ó hEaghra, “Feictear dúinn go bhfuil gá le Gaelscoileanna nua sna ceantair fháis seo mar gheall ar an mborradh atá feicthe ar Ghaelscoileanna fud fad na tíre. Tá fás suntasach tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sna ceantair seo le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go mbeidh méadú ar an éileamh ón bpobal d’oideachas trí mheán na Gaeilge.” D’eagraigh An Foras Pátrúnachta trí cruinnithe poiblí le déanaí i mBaile an Chairpintéaraigh(B.Á.C.), Tamhlacht(B.Á.C.) agus Baile Chill Dara inar tháinig neart tuismitheoirí ag léiriú an-spéis san iarracht seo agus a rinne réamh-chlárú ar a gcuid bpáistí do na Gaelscoileanna nua atá molta. Lean Ó hEaghra ag rá, “Tá ríméad orainn leis an méid tacaíochta a bhfuileamar tar éis a fháil ó na ceantair i mBaile Átha Cliath agus i gCill Dara. Táimid ag súil go dtacóidh an pobal áitiúil linn sna ceantair eile le hoideachas lán-Ghaeilge a spreagadh agus a neartú agus go bhfeicfimid Gaelscoileanna nua ag teacht chun cinn go luath.”

Beidh urlabhraí agus príomhoidí Ghaelscoileanna ag caint ag na cruinnithe seo chomh maith ar an oideachas lán-Ghaeilge agus an tumoideas sa Ghaeilge do pháistí I naíonáin beaga agus móra. Beidh na hurlabhraí ar fáil le ceisteanna a fhreagairt i ndiaidh na cruinnithe.

Léirigh an Daonáireamh 2006 go bhfuil forbairt suntasach tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sna ceantair seo, le líon na nGaeilgeoirí i gCorcaigh ag méadú ó 200,657(Census, 2002) go 209,950(Census 2006), tháinig méadú ar mhuintir na Gaeilge i mBaile Átha Cliath chomh maith le líon na gcainteoirí ag méadú ó 394,240(Census, 2002) go 410,669(Census, 2006) agus i nGaillimh, tá 139,277(Census, 2006) cainteoirí Gaeilge ann i gcomparáid le 102,529 de réir an Census i 2002.  Cuireann na figiúir seo in iúl go bhfuil suim iontach mór ann sa Ghaeilge agus go bhfuil margadh ann do Ghaelscoileanna nua.

Fuair An Foras Pátrúnachta deimhniú ón Roinn Oideachais go mbeidh 20 bunscoil nua á mbunú acu sna sé bliana amach romhainn. Tá sé cinntithe go mbeidh bunscoileanna nua ag oscailt sna ceantair de chuid Baile an tSaoir, An Chéim, Dúglas agus Cnoc na Cathrach. Tá An Foras Pátrúnachta ag súil leis an oiread tacaíochta gur féidir a fháil ón bpobal sula gcuirtear na hiarratais go dtí an Roinn, ar an 7ú Deireadh Fómhair, 2011.

Tá réimse staidéir déanta a léiríonn go n-éiríonn le daltaí le hoideachas lán-Ghaeilge ard-caighdeán acadúil a bhaint amach, tá sé níos fusa dóibh an tríú teanga a fhoghlaim, forbraíonn siad tuiscint agus oscailteacht ar chultúir eile agus forbraíonn siad feidhmiú cognaíoch i leith cruthaitheacht agus cumarsáid.

Foilsithe ar Gaelport.com