Méid an Téacs

Cruinniú Poiblí maidir le bunú scoil lán-Ghaeilge i gceantar Marino/Droim Conrach/BÁC 1

Aibreán 16, 2015

Ba mhór linn cuireadh a thabhairt duit freastal ar cruinniú ar an 22 Aibreán ag 19.00 in oifigí Gaelscoileanna Teo. maidir le bunú scoil lán-Ghaeilge nua i gceantar Marino/Droim Conrach/BÁC 1 i 2016. Ba mhaith le Gaelscoileanna Teo. agus pátrún ionchasach na scoile, An Foras Pátrúnachta, bualadh le héinne gur suim leo tacú leis an bhfeachtas agus beidh fáilte roimh cách. Le do thoil, scaip an scéal ar éinne gur dóigh leat go mbeadh suim acu ann, agus iarr orthu é a chur in iúl dúinn má tá siad le freastal. Ar ndóigh, tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh leis an oifig má tá aon cheist agat maidir leis an bhfeachtas, agus beidh muid ag súil le bualadh leat ar an oíche.

clare@gaelscoileanna.ie