Méid an Téacs

Cuireann an tAire Bruton fáilte roimh fhoilsiú mórstaidéir idirnáisiúnta maidir le hinniúlachtaí scoláirí Éireannacha sa mhatamaitic agus san eolaíocht

Nollaig 5, 2016

Sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas tá gníomhaíocht uaillmhianach ann le tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh san fheidhmíocht sa mhatamaitic agus san eolaíocht

Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D., fáilte inniu (Dé Máirt 29 Samhain) roimh fheidhmíocht láidir scoláirí Éireannacha ar an iomlán i mórstaidéar idirnáisiúnta sa ghnóthachtáil sa mhatamaitic agus san eolaíocht i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna. Tháinig na torthaí ó TIMSS 2015 (na Treochtaí i Staidéar Idirnáisiúnta Matamaitice agus Eolaíochta).

Sa tuarascáil cuirtear comparáid idirnáisiúnta ar fáil de ghnóthachtáil scoláirí sa mhatamaitic agus san eolaíocht i Rang a Ceathair sa bhunscoil agus sa Dara Bliain san iarbhunscoil. D’fheidhmigh na scoláirí in Éirinn go measartha maith i gcoitinne i gcomparáid leis na tíortha eile a bhí rannpháirteach in TIMSS 2015. Bhí meánscóir na hÉireann níos airde go suntasach ná lárphointe idirnáisiúnta an TIMSS sa mhatamaitic agus san eolaíocht ag an dá leibhéal de ghráid araon

Cé gur ábhar mór misnigh iad na treochtaí atá i dtorthaí an lae inniu, is léir go bhféadfaí feabhas a dhéanamh san eolaíocht agus sa mhatamaitic. Sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas, a bhfuil mar phríomhaidhm aige go mbeidh an tseirbhís oideachais agus oiliúna is fearr san Eoraip in Éirinn laistigh de dheich mbliana, leagtar amach sraith gníomhaíochtaí uaillmhianacha le tuilleadh feabhais a chur ar ár bhfeidhmíocht sa mhatamaitic agus san eolaíocht, lena n-áirítear an códú agus an ríomheolaíocht ar fud an churaclaim scoile, Ráiteas Polasaí Náisiúnta cuimsitheach ar STEM i scoileanna agus bearta nua uaillmhianacha le scileanna suas chun dáta a thabhairt do mhúinteoirí eolaíochta agus matamaitice.

San áireamh i bpríomhthorthaí na tuarascála tá na nithe seo a leanas:

Bhí scoláirí Éireannacha i rang a ceathair sa 9ú áit as 49 tír sa mhatamaitic (suas ón 17ú áit as 50 tír in 2011)

Bhí scoláirí Éireannacha i rang a ceathair sa 19ú áit as 47 tír san eolaíocht (i gcomhréir ar an iomlán leis an 22ú áit as an 50 tír a bhí rannpháirteach in 2011)

Bhí scoláirí Éireannacha sa dara bliain sa 9ú áit as 29 tír sa mhatamaitic, (ní dhearnadh aon staidéar le déanaí le comparáid a dhéanamh leis seo)

Bhí scoláirí Éireannacha sa dara bliain sa 10ú áit as 29 tír san eolaíocht, (ní dhearnadh aon staidéar le déanaí le comparáid a dhéanamh leis seo)

Ag déanamh tráchta ar an tuarascáil, dúirt an tAire Bruton:

“Is é aidhm bhunúsach an Rialtais seo ná an dul chun cinn geilleagrach atá déanta againn a chothú agus úsáid a bhaint as chun sochaí chóir agus thuisceanach a fhorbairt. Níl aon réimse níos tábhachtaí don fhís seo ná an t-oideachas, agus tá ról ríthábhachtach aige le deireadh a chur le timthriallta an mhíbhuntáiste agus le riachtanais scileanna a chur ar fáil leis an ngeilleagar atá ag fás a chothú. Is é seo an fáth ar fhoilsíomar Plean Gníomhaíochta agus ar thosaíomar á chur i bhfeidhm, atá mar aidhm aige go mbeidh an tseirbhís oideachais is fearr san Eoraip in Éirinn.

“Is tomhas tábhachtach é an tuarascáil a foilsíodh inniu den dul chun cinn atá á dhéanamh againn ar an mbóthar sin. Cé go bhfuil méid áirithe dul chun cinn déanta, is léir go bhfuil i bhfad níos mó le déanamh againn má táimid lenár n-uaillmhian a bhaint amach le bheith mar an tír is fearr san Eoraip.

“Cé gur ábhar mór misnigh iad na treochtaí atá á bhfoilsiú – go háirithe na torthaí feabhsaithe i rang a ceathair agus an eolaíocht in eolaíocht na dara bliana – is léir go bhféadfaí feabhas mór a dhéanamh sa mhatamaitic agus san eolaíocht.”

“Sna torthaí ó TIMSS 2015 leagtar béim ar réimsí nach mór dúinn díriú orthu, lena n-áirítear an chaoi inar féidir linn feabhas a chur ar fheidhmíocht na scoláirí a n-éiríonn thar cion leo agus conas is féidir linn scileanna cognaíocha scoláirí agus an eolas atá acu sna réimsí ábhair ar nós an Gheoiméadracht agus an Fhisic a fhorbairt níos fearr.”

Mhol an tAire údair na tuarascála agus ghlac sé buíochas leis na scoláirí, múinteoirí, príomhoidí agus tuismitheoirí uile a ghlac páirt sa staidéar agus a d’fhreagair na ceistiúcháin.

Dúirt an Dr Aidan Clerkin, duine d’údair na tuarascála,“is ábhar misnigh iad na feabhsuithe a fheicimid anseo i bhfeidhmíocht na matamaitice agus na heolaíochta, i gcomparáid le staidéir a rinneadh roimhe seo. Tá na feabhsuithe le feiceáil go háirithe i measc na scoláirí is lú a n-éiríonn leo. Mar sin féin, d’fhéadfaí feabhas a dhéanamh i measc na scoláirí a n-éiríonn thar cion leo, atá ag tearcfheidhmiú in Éirinn, is cosúil, i gcomparáid lena gcomhscoláirí i dtíortha áirithe eile.”

Luaigh Rachel Perkins, duine eile de na húdair“tá leibhéal áirithe leanúnachais á fheiceáil againn sna láidreachtaí agus laigí coibhneasta de na scoláirí bunscoile agus iarbhunscoile in Éirinn. Mar shampla, tá laigí coibhneasta á léiriú ag scoláirí in Éirinn sa Gheoiméadracht agus san Fhisic, agus tá láidreachtaí coibhneasta á léiriú san Uimhreas agus sa Domhaneolaíocht, i Rang a Ceathair agus sa Dara Bliain.”

Nóta maidir leis an bhfeidhmíocht a thuairisciú ‎

Déantar scóir uile den TIMSS a thuairisciú ar scála atá socraithe ar ‘lárphointe’ de 500. Nímeán idirnáisiúnta é seo do TIMSS 2015, nach raibh tuairiscithe ag an gcuibhreannas idirnáisiúnta a reáchtálann an TIMSS. In ionad é sin, socraíodh an lárphointe (500) i rith na chéad mheasúnaithe den TIMSS in 1995. Baintear úsáid as mar phointe tagartha seasta a ligeann do thíortha monatóireacht a dhéanamh ar athruithe ina bhfeidhmíocht thar tréimhse ama.

Maidir le TIMSS 2015

Is iad an Dr Aidan Clerkin, Rachel Perkins agus Rachel Cunningham, den Ionad Taighde Oideachais, a scríobh an tuarascáil – TIMSS 2015 in Ireland: Mathematics and science in primary and post-primary ‎schools.

Is é an Cumann Idirnáisiúnta um Meastóireacht ar an nGnóthachtáil Oideachasúil (IEA), eagraíocht neamhbhrabúis atá lonnaithe sa Háig, san Ísiltír, a reáchtálann TIMSS. Ag an leibhéal idirnáisiúnta, is é an tIonad Staidéir Idirnáisiúnta de chuid an TIMSS & PIRLS i gColáiste Bhostúin, Stáit Aontaithe Mheiriceá, a dhéanann an staidéar a bhainistiú. Oibríonn an tIonad Staidéir Idirnáisiúnta i gcomhar leis na hIonad Taighde Náisiúnta éagsúla atá freagrach as rannpháirtíocht gach tír sa TIMSS ag an leibhéal náisiúnta. In Éirinn, chomhlíon an tIonad Taighde Oideachais (ERC) an ról seo thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna (ROS).

Trí mheasúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na scoláirí sa mhatamaitic agus san eolaíocht ag na leibhéil bunscoile agus iarbhunscoile araon, cuireann an TIMSS mionchomparáidí ar fáil de na gnóthachtálacha, láidreachtaí agus laigí coibhneasta de na córais oideachais sna tíortha rannpháirteacha éagsúla. Feidhmíonn an staidéar ar thimthriall ceithre bliana agus tharla an chéad riar in 1995. Is é an séú timthriall TIMSS 2015. Ghlac Éire páirt sa TIMSS dhá uair roimhe seo: in 1995 (ag na leibhéil bunscoile agus iarbhunscoile araon) agus in 2011 (ag an leibhéal bunscoile amháin).

In 2015, ghlac níos mó ná 582,000 scoláire as 57 tír[1] páirt ann san iomlán. Bhí tríocha a haon tír (agus seacht rannpháirtí tagarmharcála), Éire san áireamh, rannpháirteach ag an leibhéal bunscoile agus ag an leibhéal iarbhunscoile araon. Is é is rannpháirtithe tagarmharcála réigiúin fhonáisiúnta nó eintitis nach mór na nósanna imeachta céanna a leanúint agus na caighdeáin cháilíochta sonraí chéanna a chomhlíonadh agus a dhéanann tíortha le bheith rannpháirteach (e.g., cúige Ontario, Ceanada, nó an stát Florida, Stáit Aontaithe Mheiriceá).

In Éirinn, bhí measúnú an TIMSS ar siúl i scoileanna i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine 2015. Is iad na múinteoirí sna scoileanna rannpháirteacha a rinne an measúnú a riar. I Rang a Ceathair, cuireadh 72 nóiméad ar fáil leis an tástáil a dhéanamh, i gcomparáid le 90 nóiméad sa Dara Bliain. Tugadh sos gairid i lár na dtástálacha ag an dá leibhéil de na gráid. Tar éis na dtástálacha, agus go hiondúil ar an lá céanna, chomhlánaigh na scoláirí ceistiúcháin, a ghlac tuairim is 30 nóiméad. Chuir gach scoláire ceann amháin de 14 leabhrán tástála, agus bhí ceisteanna ar an matamaitic agus ar an eolaíocht i ngach ceann díobh. ‎

Tuarascálacha náisiúnta reatha agus cinn atá le teacht go luath

Sa tuarascáil a eisíodh inniu – TIMSS 2015 in Ireland: Mathematics and science in primary and post-primary ‎schools – déantar cur síos ar ghnóthachtáil matamaitice agus eolaíochta na scoláirí i Rang a Ceathair agus sa Dara Bliain araon, don mhatamaitic agus don eolaíocht araon. Dírítear ar thorthaí na dtástálacha, agus tá eolas ann maidir leis an meánfheidhmíocht (an meán), dáileachán na bhfeidhmíochta (e.g., an chomparáid idir scoláirí a bhfuil ag éirí thar cion leo agus na scoláirí is lú a

n-éiríonn leo agus a gcomhscoláirí i dtíortha eile), céatadán na scoláirí a shroicheann gach ceann de na ceithre Thagarmharc gnóthachtála atá sainmhínithe go hidirnáisiúnta, agus na réimsí láidreachta agus laige coibhneasta na scoláirí in Éirinn. Chomh maith leis sin, tá comparáid ann de na curaclaim Éireannacha don mhatamaitic agus don eolaíocht ag gach leibhéal gráid i gcoinne an ábhair den mheasúnú TIMSS, ionas gur féidir scrúdú a dhéanamh cé mhéad den mheasúnú a mbeifí ag súil leis a bheith clúdaithe ag na scoláirí in Éirinn faoin am tástála.

In 2017, foilseoidh an tIonad Taighde Oideachais líon tuarascálacha comhthéacsúla a dhéanfaidh iniúchadh níos forleithne ar an gcomhthéacs oideachasúil in Éirinn, in éineacht leis na naisc atá idir na tosca comhthéacsúla agus gnóthachtáil scoláirí. Bainfidh na tuarascálacha seo úsáid as an mioneolas a chuireann scoláirí, tuismitheoirí, príomhoidí agus múinteoirí ar fáil, in éineacht le tosca struchtúrtha ar an leibhéal náisiúnta, le mionléargas níos iomláine a chur ar fáil den oideachas matamtaitice agus eolaíochta in Éirinn.‎

[1] In 2015, bhí 57 tír rannpháirteach sa TIMSS. Ach, níl na sonraí don Airméin ar fáil agus mar sin níl ach 56 tír curtha san áireamh sna torthaí idirnáisiúnta. Gan an Airméin, bhí tríocha tír rannpháirteach ag an dá leibhéal de na gráid.

www.education.ie