Méid an Téacs

Cur agus cúiteamh agus an t-olltoghchán ag teacht chun deiridh

Feabhra 24, 2011

TUARASCÁIL: TÁ NA heagrais Ghaeilge agus lucht na teanga ag stocaireacht go fóill faoi pholasaí teanga Fhine Gael agus feachtas an olltoghcháin ag teacht chun deiridh.

Scríobh príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, chuig ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, á rá leis gur “botún é an iomarca béime a bheith á cur ag Fine Gael ar an nGaeilge a bheith roghnach ag leibhéal na hArdteiste”. Bhí lochtanna ar an chóras oideachais ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de ach b’fhearr go dtacódh Fine Gael le “beartais úra” leis an teanga a theagasc níos fearr. Is fada Gael Linn ag plé le cúrsaí teanga agus dúirt Ó Coileáin gur léirigh pobalbhreith Ipsos/MRBI go raibh “tromlach den phobal ar son an status quo, go bhfanfadh an Ghaeilge ina croí-ábhar don Ardteistiméireacht. Ceist an-chasta í an phleanáil teanga agus níor chóir céim mhór a ghlacadh i réimse ar bith gan scrúdú géar a dhéanamh ar na himpleachtaí don pholasaí i gcoitinne. Ní mar sin a tharla i 1973-74 nuair a rinne rialtas Fhine Gael athruithe do stádas na Gaeilge san oideachas agus sa státseirbhís”.

Mhol sé d’Fhine Gael gealltanas a thabhairt gan athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge agus gach gné de theagasc na Gaeilge a scrúdú agus a fheabhsú le go mbeadh dearcadh dearfach ag scoláirí ar an teanga agus cumas acu inti “ag leibhéil so-aitheanta a thacóidh le beartais leis an nGaeilge a shlánú”. D’eisigh an t-eagras trasteorann, Foras na Gaeilge, ráiteas an tseachtain seo caite inar thug siad le fios gur thacaigh siad le rún Fhine Gael athbhreithniú a dhéanamh ar churaclam na Gaeilge. Ach bhí an Foras den tuairim láidir nár chóir “aon bheart bonnathraitheach” a dhéanamh agus an Ghaeilge a bhaint de liosta na n-ábhar éigeantach don Ardteist. Bhí deacrachtaí leis an mhatamaitic mar ábhar ach níor baineadh den churaclam í, a dúirt an Foras. Ina áit sin, rinneadh athbhreithniú ar chúrsaí agus cruthaíodh “Tionscadal Mata” mar thoradh air sin. Chreid an Foras go bhféadfaí “dochar mór” a dhéanamh do spriocanna na straitéise 20 bliain don Ghaeilge dá dtabharfaí céim síos do stádas na Gaeilge. Mhol an Foras oiliúint bhreise a chur ar mhúinteoirí le go mbeadh siad ábalta freastal ar riachtanais scrúdú béil na hArdteiste. Chuir an t-eagras fáilte roimh an “díospóireacht ardphróifíle” a bhí ar siúl, rud a léirigh go raibh “cion agus meas” ag daoine ar an teanga.

Sheol uachtarán reatha Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa, agus naonúr iar-uachtarán litir chun na meán inar cháin siad polasaí Fhine Gael. Thug siad le fios gur chuir an Conradh in éadan phlean Fhine Gael sna 1970í luatha céim síos a thabhairt don teanga sa státchóras. “Seafóid” a thug Fine Gael ar a n-achainí an t-am sin a scríobhann siad, ach bhí de thoradh ar phlean Fhine Gael ó shin nach raibh ach 1.5 faoin gcéad d’fhoireann Roinn an Oideachais in ann seirbhís i nGaeilge a thabhairt sa lá atá inniu ann: “Is ar éigean a chothaíonn an toradh seo muinín i moladh Fhine Gael go n-isleofaí stádas na Gaeilge sa chóras oideachais dara leibhéal.” Le cois na ráiteas, reachtáil lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, i nDaingean, Co Chiarraí agus i gCill Dara cruinnithe poiblí le cúrsaí teanga a phlé ar na mallaibh. Reachtáil an brúghrúpa Guth na Gaeltachta cruinniú le hiarrthóirí toghcháin i nDún na nGall. Dúirt cathaoirleach an ghrúpa Éamonn Mac Niallais go raibh “tábhacht chriticiúil” leis an Ardteist agus go raibh impleachtaí diúltacha ag polasaí Fhine Gael do thodhchaí na gcoláistí samhraidh agus inmharthanacht eacnamaíochta phobal na Gaeltachta.

The Irish Times – Pól Ó Muirí