Cúrsa nua Gaeilge le TEG ón nhForas Pátrúnachta
Meán Fómhair 16, 2015
Tá ríméad ar an bhForas Pátrúnachta cúrsa Gaeilge nua a fhógairt. Réiteoidh an cúrsa seo rannpháirtithe do Scrúdú TEG Meánleibhéal 2 (B2) agus tá sé dírithe go príomha ar mhúinteoirí atá ag obair i meánscoileanna lán-Ghaeilge ach bheadh sé oiriúnach do rúnaithe scoile agus do bhaill na mbord bainistíochta freisin.
Cén fáth a dtabharfainn faoin gcúrsa seo?
- Is cáilíocht iontaofa neamhspleách é TEG atá aitheanta go hidirnáisiúnta
- Is é TEG an cháilíocht inmhianaithe ag an bhForas Pátrúnachta dóibh siúd a chuireann isteach ar phost nó ar ardú céime ina scoileanna
- Is cáilíocht é a chuirfidh le d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach
- Is cáilíocht é a chuirfidh le do dheiseanna fostaíochta agus a chabhróidh leat ardú céime a bhaint amach
Bhronn ALTE (Association of Language Testers in Europe) an Q-mark ar Scrúduithe TEG i 2015 le hardchaighdeán na scrúduithe a dhearbhú. Tá na scrúduithe déanta ag thart ar 4,000 duine.
Mar chroílár an chúrsa beidh ranganna idirghníomhacha ar-líne ar siúl ar bhonn coicíse ina bpléifear cúrsaí cruinnis i gcomhthéacs scéalta reatha nuachta.
Beidh na ranganna dírithe ar mhuinín an mhúinteora a fheabhsú céim ar chéim agus ar bhonn tacúil.
Mar aon leis na ranganna coicísiúla seo, reáchtálfar trí sheimineár lae le linn an chúrsa ina mbeidh deis ag rannpháirtithe dianobair ghrúpa a dhéanamh chun díriú isteach ar mhionphointí gramadaí chomh maith le ceardlanna ar scileanna aistriúcháin a thabharfaidh tuiscint ar conas Gaeilge nádúrtha a labhairt agus a scríobh.
Tosóidh an cúrsa leis an gcéad seimineár ar an 10 Deireadh Fómhair.
Má tá tuilleadh eolais uait is féidir dul i dteagmháil le comhordaitheoir an chúrsa Tomás Ó Póil ag tomas@foras.ie nó ag 087-2642446.