Méid an Téacs

Deireadh seachtaine eachtraíochtaí á eagrú ag Glór do theaghlaigh Ghaeilge

Aibreán 16, 2015

Tá deireadh seachtaine eachtraíochtaí á eagrú ag Glór do theaghlaigh Ghaeilge le linn mí an Bhealtaine. Beidh an t-imeacht ar siúl in Ionad Eachtraíochta Chip Iúir i gCill Mhantain ar 17 agus 18 Bealtaine 2015.

Beidh imeachtaí ar siúl mar chuid den deireadh seachtaine do pháistí beag chomh maith le déagóirí.
Tá Ionad Eachtraíochta Chip Iúir lonnaithe i sléibhte Chill Mhantáin 30 nóiméad ón M50/Támhlacht agus 50 nóiméad ó lár chathair Bhaile Átha Cliath. Tá 240 acra talún ag an eastát faoi dhuilliúir agus aitinn agus beidh rianóireacht agus cuichí foirne mar chuid den deireadh seachtaine.

Cosnóidh an t-imeacht – oíche amháin agus lá – €50 an duine ach beidh Glór ábalta lacáiste a thabhairt ag laghdú an costas go €30. Beidh de rogha ag teaghlaigh fanacht don dara oíche ar a gcostas féin ar €35 eile leaba agus bricfeasta.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Ghlór ag marcas@glornangael.ie nó ar ghuthán ag +353 86 171 9755.