Deiseanna do Ghaeilgeoirí agus níos mó le teacht
Márta 30, 2011
Tá deiseanna ann do Ghaeilgeoirí agus beidh amach anseo.
B’ shin an teachtaireacht a cuireadh in iúl do 270 dalta scoile a d’fhreastail ar an seimineár mar gheall ar ghairmeacha le Gaeilge a d’eagraigh An Chomhdháil i gCeatharlach ar 25 Márta. “Tá neart deiseanna ann agus tá feabhas mór tagtha ar an scéal le fiche bliain anuas”, dar le Traic Ó Braonáin atá ina Bhainisteoir ar Chumann na bhFiann. Labhair Emma Whitmore, oifigeach forbartha Gaeilge i gCeatharlach faoi na deiseanna a thug an Ghaeilge di nuair a bhí sí ina hiriseoir. “Bhí sé go mór ina bhuntáiste mar bhí mé ábalta colúin a scríobh i nGaeilge agus i mBéarla- agus bíonn scileanna mar seo an-luachmhar d’fhostóirí”, a deir sí. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar bhuntáiste breise na Gaeilge ar fáil ar www.gaelport.com
Foinse