Méid an Téacs

Deiseanna oibre le Gaeilge pléite i gCeatharlach

Márta 29, 2011

Tá deiseanna ann do Ghaeilgeoirí sa saol oibre agus beidh amach anseo. B’ shin an teachtaireacht a cuireadh in iúl do 270 dalta scoile a d’fhreastail ar an seimineár mar gheall ar ghairmeacha le Gaeilge a d’eagraigh An Chomhdháil i gCeatharlach ar 24 Márta.

D’fhreastail daltaí atá ó scoileanna ar fud oirdheisceart chúige Laighean ar an seimineár atá ag taisteal ó cheantar go ceantar  ó bhí 2008 ann.

“Tá neart deiseanna ann agus tá feabhas mór tagtha ar an scéal le fiche bliain anuas”, dar le Traic Ó Braonáin atá ina Bhainisteoir ar Chumann na bhFiann. Mhol sé do na daltaí gach deis a thapú agus taithí oibre a lorg i láithreacha oibre lán-Ghaeilge  má tá suim acu sa Ghaeilge.

Mhol an t-imreoir camógaí ar fhoireann Phort Láirge, Mairéad Ní Mhurchú do na daltaí dul le gairm beatha a bhfuil spéis acu ann.

“ Is aoibhinn liom an Cumann Lúthchleas Gael mar sin ba mhór an deis a thug an Ghaeilge dom bheith ag obair mar léiritheoir ar chláir spóirt TG4”, a deir sí.

Tá Eibhlín de Paor ar aon tuairim le Máiréad. Tá Eibhlín ina hÁisitheoir Ealaíon i gCúige Mumhan agus deir sí go bhfuil go leor cúrsaí gur féidir a dhéanamh sna hollscoileanna anois trí Ghaeilge.

Labhair Emma Whitmore, oifigeach forbartha Gaeilge i gCeatharlach faoi na deiseanna a thug an Ghaeilge di nuair a bhí sí ag obair mar iriseoir. “ Bhí sé go mór ina bhuntáiste mar bhí mé ábalta colúin a scríobh i nGaeilge agus i mBéarla- agus bíonn scileanna mar seo an-luachmhar d’fhostóirí”,  a deir sí.