Méid an Téacs

Dhá Ghaelscoil i measc na gcúig bhunscoil nua atá faofa ag an Roinn

Márta 29, 2011

Ach díomá ar Ghaelscoil an Chuilinn nach mbeidh siad ag oscailt i mbliana.

Fógraíodh an tseachtain seo go bhfuil an Roinn Oideachais i ndiaidh faomhadh a thabhairt do chúig bhunscoil nua in Éirinn, agus go bhfuil na scoileanna le hoscailt idir seo agus 2013. Tá na scoileanna go léir le bheith lonnaithe i gcrios comaitéireachta Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil méadú tapaidh ag teacht i gceantair áirithe ar an daonra óg, agus an-ghá le scoileanna nua.  Is iad Educate Together agus an Foras Pátrúnachta an dá phátrún a roghnaíodh chun na scoileanna a bhunú, agus tá dhá Ghaelscoil le bheith ann chomh maith le trí scoil eile.

Osclófar dhá scoil de chuid an Fhorais Pátrúnachta, ceann i mBaile Átha Cliath agus ceann eile i gContae na Mí. Beidh Educate Together ag oscailt trí scoil i mBaile Átha Cliath. Scoileanna ilchreidmheacha agus idirchreidmheacha a bheidh sna scoileanna ar fad, agus ní bheidh scoileanna Caitliceacha ar bith i gceist. Cé gur dea-nuacht é seo do go leor scoileanna, is cúis díomá é do scoileanna áirithe chomh maith. Ar cheann de na scoileanna seo tá Gaelscoil an Chuilinn i Mullach Eadrad i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Bhí lucht na scoile seo ag súil le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2011 ach de réir an méid atá ráite ag an roinn, beidh orthu fanacht bliain eile. Deir Alison Carruth, Cathaoirleach ar Choiste Bunaithe na scoile,  go bhfuil siad sásta go mbeidh Gaelscoil sa cheantar ach tá díomá orthu go mbeidh orthu fanacht bliain eile sula n-osclófar an scoil.

“Táimid réidh leis an scoil a oscailt i mí Mheán Fómhair,” ar sí. “Ní thuigimid cén fáth nach bhfuil muid ar an liosta don bhliain seo. Táimid i ndiaidh dul ar ais go dtí an Foras Pátrúnachta agus iarraidh orthu soiléiriú a fháil ón Roinn ar an gceist seo. Táimid ag fiosrú an scéil agus tá an Foras ag feidhmiú ar ár son.” Deir Alison go raibh 37 páiste cláraithe sa scoil le tosú i nGaelscoil an Chuilinn i mí Mheán Fómhair 2011. Osclófar trí bhunscoil nua in 2011 agus dhá scoil eile i mí Mheán Fómhair 2012.

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra