Méid an Téacs

Dialann na hArdteiste – An cúlscéal de réir dalta mheánscoile

Meitheamh 14, 2012

Sa phíosa seo déanann dalta meánscoile Cathal Ó Céilleachair as Corcaigh cur síos ar an mbealach a ndeachaigh sé i ngleic le scrúdú Gaeilge na hArdteiste i mbliana.

Bhí mé lán sásta leis an scrúdú Gaeilge i mbliana, shíl mé nach raibh sé ró-dhúshlánach.

Tháinig deacracht nó dhó chun cinn dar ndóigh. Táim ag ceapadh gur éirigh go maith liom sa chluastuiscint i bPáipéar 1 ach amháin i gcás na logainmneacha – níor aithin mé cuid de na háiteanna a luadh. Rud beag é seo is dócha ach bheadh sé go deas dá mbeadh gach rud ar eolas agam!

Bhí an scéal céanna i gceist leis an gcuid eile den pháipéar. Roghnaigh mé aiste a scríobh faoin teideal  “Éire: Tír oscailte fháilteach í”. Tá neart ar féidir scríobh ar an ábhar sin agus bhraith mé go raibh mé breá ullmhaithe ina thaobh. Bhí rogha eile ann maidir le coiriúlacht in Éirinn ach níor thaitin sé sin liom, agus sheachain mé mar sin é.

Níor baineadh geit ar bith asam agus mé ag tabhairt faoi Pháipéar 2, buíochas le Dia. Bhí mé lán sásta leis an dá léamhthuiscint, d’fhreagair mé na ceisteanna ceart go leor agus ansin bhí orm ainmfhocal agus briathar saor a aimsiú sa téacs rud nár bhraith mé a raibh dúshlánach.

Bhí áthas orm a fheiceáil go raibh an scéal a bhí ullmhaithe agam, “Hurlamaboc” ar an bpáipéar.  Bhí mé tar éis ceist a fhreagairt ar an scéal sin sa réamhscrúdú a bhí agam, agus mar sin bhí tuairim agam maidir leis an gcineál freagra a bhí de dhíth orm. Is dócha gur buntáiste a bhí ansin. D’fhreagair mé ceist eile ar an saol nua aimseartha agus bhí sí sin éasca go leor.

Ina dhiaidh sin, thug mé faoin gceist ar “An tEarrach Thíar”. Ceapaim gur thug mé freagra breá air sin. Lean ceist eile í maidir le fuaimeanna agus leis na híomhánna a úsáideann an file chomh maith le ceist ar shaol an fhile féin.

Ar deireadh d’fhreagair mé an cheist ar an dráma “An Triail”.  Thaitin an cheist shuimiúil seo liom a bhain le mná agus le fimíneacht sa drama. Dar liom tugadh deis do dhaoine sa cheist seo a gcumas cruthaitheach a léiriú.  Bhí mé críochnaithe le litríocht na hArdteiste ansin agus níorbh fhada go raibh mé críochnaithe le Gaeilge na hArdteiste!

Ar an iomlán bhí mé féin agus mo chairde lán sásta le hábhair na scrúduithe i mbliana. N’fheadar an raibh baint aige sin lenár gcumas Gaeilge toisc muid a bheith ag freastal ar  Ghaelscoil.  Bhí na páipéir sách cothrom agus mar a dúirt mé, níor baineadh geit ar bith asam. Is dócha go raibh buntáiste agam sa chéad áit de bharr go n-úsáidim an Ghaeilge ar bhonn laethúil agus go bhfuil cleachtadh agam ar uirlisí na teanga.

Foilsithe ar Gaelport.com