Méid an Téacs

DVD chun cabhrú le siollabas nua Gaeilge

Meán Fómhair 21, 2011

Tá athruithe móra tagtha i mbliana ar shiollabas Gaeige na hArdteistiméireachta.

Ó 2012 ar aghaidh, beidh 40 faoin gcéad de mharcanna ag brath ar an mbéaltriail leasaithe agus beidh na marcanna seo le gnóthú i dtréimhse ghairid ama, a mhairfidh 15 nóiméad.  Chun cabhrú le múinteoirí agus le daltaí araon chun dul i ngleic leis na hathruithe seo, tá treoir phraiticiúil curtha ar fáil ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge leis an DVD ‘Cuireadh Chun Cainte’.

Tugann sé eolas duit ar gach mír den bhéaltriail chomónta do dhaltaí atá ag tabhairt faoin ngnáthleibhéal nó faoin ardleibhéal.  Tugann an clár seo léargas do mhúinteoirí agus do dhaltaí faoi cad le bheith ag súil leis sa scrúdú agus cén struchtúr a bheidh air. Cuirfear cóip in aisce chuig gach scoil sa tír, ar an tseachtain agus déanfar an DVD a sheoladh go hoifigiúil le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne.

Ta gach eolas ar fáil ag www.gaelport.com/cuireadhchuncainte.

Foinse