Méid an Téacs

€1.2m ar fáil do sheirbhís úr nuachta

Samhain 6, 2013

Tá beart Fhoras na Gaeilge maidir le seirbhís nuachta fógartha.

€1.2m idir 2014-17 ní €300,000 in aghaidh na bliana an maoiniú a bheidh i gceist.
Tá an foras ag obair ar na mionsonraí agus cuirfear tús le próiseas leis an ghrúpa a sholáthróidh an tseirbhís a aimsiú ag deireadh na míosa.
Seirbhís idirlín amháin a bheas i gceist le nuacht á uasdátú ‘go rialta’ agus ábhar anailíse agus cúrsaí spóirt á bhfoilsiú ar bhonn seachtainiúil.
Tá sé ráite ag príomhfheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailí, go bhfuil sé ag dúil go mbeadh an tseirbhís nua ag feidhmiú “ar a mhoille faoi lár na bliana seo chugainn” – breis is bliain ó cuireadh deireadh leis an nuachtán Gaelscéal.
Foilsíodh an chóip dheireanach de Gaelscéal ag deireadh mhí Feabhra, mí tar éis gur fhógair Foras na Gaeilge go raibh siad chun deireadh a chur le maoiniú an pháipéir.
Agus é ag caint ar Raidió na Gaeltachta, dúirt Mac an Fhailí “go bhfuil gné eile ann atá thar a bheith tábhachtach go mbeidh deis ag daoine óga altanna a sholáthar don ghrúpa seo agus an cheird a fhoghlaim”.

www.independent.ie