Méid an Téacs

Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta

Samhain 21, 2013

Níl deireadh ráite fós maidir le todhchaí eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus brú ag teacht ar Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, athsmaoineamh a dhéanamh ar chinneadh a Roinne deireadh a chur le maoiniú na heagraíochta.

Mar thoradh ar an gcinneadh sin chinn Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta nach bhféadfaí gnó na heagraíochta a chur i gcrích agus shocraigh siad deireadh a chur leis an eagraíocht agus cheana féin tá deireadh curtha le conarthaí fostaíochta fhoireann na heagraíochta.

Ó shin i leith tá an-bhuairt léirithe ag scoileanna na Gaeltachta agus iad á rá go bhfuil siad anois fágtha gan eagraíocht ionadaíoch agus go ndéanfar neamhaird orthu feasta. Tá an cheist ardaithe sa Dáil agus ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta le déanaí léirigh an Bord a imní faoin gcinneadh deireadh a chur leis an eagraíocht. Chinn siad an imní seo a chur in iúl don Aire, go háirithe i gcomhthéacs feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Le déanaí freisin ghlac Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe roimhe seo) d’aon ghuth le rún ag iarraidh ar an Aire maoiniú a chur ar fáil in athuair don eagraíocht.

www.advertiser.ie/galway