Méid an Téacs

Éirí as an Choimisinéara Teanga cíortha ag Fochoiste Oireachtais

Eanáir 27, 2014

An fhírinne shearbh inste ag Seán Ó Cuirreáin

Chuir an Fochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara fáilte roimh an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, inniu áit ar pléadh éirí as an Choimisinéara ar 23 Feabhra 2014.

D’fhógair Seán Ó Cuirreáin don Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha ag tús mhí na Nollag go mbeidh sé ag éirí as a ról mar Choimisinéir Teanga de bharr theip an Rialtais i leith chur i bhfeidhm beartais reachtaíocht teanga ag leibhéal an Stáit. D’fhógair an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an tseachtain seo go bhfuil léirithe spéise á lorg anois do ról an Choimisinéara.

Ag cruinniú an lae inniu chuir an Coimisinéir síos a thuilleadh ar an imeallú atá á dhéanamh ar an nGaeilge ag údaráis an Stáit. Dúirt sé go gcreideann sé go bhfuil daoine sa státchóras a thacaíonn go láidir leis an nGaeilge ach “go bhfuil fórsaí níos láidre agus níos forleithne fós ann ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta”.

Níorbh i láthair an chruinnithe inniu ach Teachtaí Dála agus Seanadóirí ó lucht an Fhreasúra amháin agus cháin baill an Choiste easpa ionadaíocht an Rialtais go géar le linn an chruinnithe.

Agus cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge faoi chaibidil inniu, dúirt an Coimisinéir gurb é meon an Rialtais i leith phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, mar a fheictear dó, ná “labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í”.

Foilsíodh an Straitéis sa bhliain 2010 leis an bpríomhaidhm go n-ardófar an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais ó 83,000 go 250,000 agus an líon daoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá a ardú faoi 25% tríd is tríd. Naoi réimse gnímh atá i gceist léi agus leagtar amach inti spriocanna ar leith faoi gach aon réimse.

Inniu an tríú huair don Chomhchoiste teacht le chéile agus dar leis an gCoimisinéir níl aon iniúchadh ná léirmheastóireacht neamhspleách á dhéanamh ar fheidhmiú na Straitéise, “féin-mheastóireacht” amháin atá i gceist, dar leis.

Dallamullóg

Ag tagairt do chaint a thug Seosamh Mac Donncha, OÉ, Gaillimh, ag Tóstal na Gaeilge anuraidh, “fo-rannóg” a tugadh ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá ag feidhmiú ag bun an tslabhra cumhachta, agus dar leis an gCoimisinéír, ag cur dallamullóg orainn féin atá muid má cheapann muid go bhféadfadh an Ghaeltacht a tharrtháil ná a chaomhnú faoi na cúinsí sin.

Maidir le cúrsaí pleanála teanga, mhaígh an Coimisinéir gur bhronn Acht na Gaeltachta cúraimí pleanála teanga nár iarr siad féin ar phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge ach ní fhágfaí an fhreagracht ar phobal ar bith maidir le pleanáil eacnamaíochta ná cinntí faoi fhorbairt tithíochta, bóithre ná cúrsaí comhshaoil – “Ach cúrsaí teanga”, a dúirt sé, “bhuel, sin scéal eile”.

Léiríodh an-imní maidir leis an gcaoi a gcaitheann an Roinn Oideachais leis an nGaeilge, go háirithe agus áit chomh lárnach ag an gcóras oideachais sa Straitéis, agus an dearcadh oifigiúil a léirigh an Roinn le linn dhá imscrúdú fhoirmiúla a bhí ar siúl ag a Oifig mar thoradh ar ghearáin ón bpobal.

I gcás amháin cuireadh brú ar scoil Ghaeltachta múinteoir a cheapadh ó phainéal ar a raibh farasbarr múinteoirí, cé gur chreid na múinteoirí sin agus údaráis na scoile nach raibh dóthain Gaeilge ag aon duine acu le teagasc i scoil Ghaeltachta.

Sa chás eile dhiúltaigh an Roinn ábhair an churaclaim a theagasc trí Ghaeilge go leibhéal na hArdteistiméireachta do dhaltaí scoile as ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre atá fágtha i dTír Chonaill. Chuir an Roinn argóintí dlíthiúla agus praiticiúla i láthair i dtaca leis an dá chás. Mhaígh an Coimisinéir gurb é “bun agus barr na faidhbe againn nach bhfuil aon cheangal ceart déanta againn idir foghlaim agus úsáid na Gaeilge sa tír seo”.

Focal scoir

Más ann don Straitéis, is gá tosú leis an staid réalaíoch, bunaithe ar an bhfírinne, dar leis an gCoimisinéir, in áit ródhóchas bréige gan chúis. “Níl ról ar bith ag grúpsmaointeoireacht i ngnó chomh tábhachtach le beatha teanga”, a dúirt sé.

Agus ré Uí Chuirreáin ag teacht chun críche, is cinnte gur thráth na cinniúna é seo don Rialtas i leith cheist na Gaeilge.

“Deirim an méid seo go cinnte libh inniu anseo i dTithe an Oireachtais”, a dúirt sé, ” gur le croí trom a thabharfas pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aghaidh ar chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca, faoi cheann dhá bhliain eile, mura bhfuil inár dteanga náisiúnta ach teanga shiombalach agus, seachas í a bheith ina croíchuid dár gcultúr agus dár n-oidhreacht bheo, go mbeadh sí brúite ar leataobh, fágtha ar an imeall agus in áit na leathphingine i saol an náisiúin seo”.

Foilsithe ar Gaelport.com