Méid an Téacs

Feall, fírinne agus figiúirí

Deireadh Fómhair 23, 2013

Bhain an ghnáthchleasaíocht chuntasóireachta le fógairt na gciorruithe ar chaiteachas na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2014.

Ciorrú cúig faoin gcéad a deineadh ar bhuiséad na Roinne Gaeltachta, ach aimsíodh leathmhilliún euro ar chúl an toilg chun tús a chur leis an gcóras nua pleanála teanga sa Ghaeltacht. Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, gurbh í seo an chéad uair riamh gur cuireadh oiread agus pingin i leataobh do chur i gcrích na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Ní hamhlaidh go raibh McGinley ag súil go lasaimis tinte cnámh in ómós dó, ach ba léir gur taibhsíodh don Aire Stáit as seachmall éigin gur chóir dúinn a bheith buíoch as an leathmhilliún. De réir ár bhfigiúirí féin, agus más fíor don taighde teangeolaíocha a spreag an straitéis 20 bliain, níl sa leathmhilliún céanna ach ¤98 do gach lá dá bhfuil fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

(Nach iontach ar féidir a dhéanamh le figiúirí ach beagáinín samhlaíochta a bheith ag duine?) Pé scéal é, má leanann cúrsaí ar aghaidh mar seo, is ar éigean go mbeidh aon ní fágtha chun díol as an dtórramh. Ach an té a bhí ag cáiseamh na gciorruithe ar chaiteachas na Gaeilge an tseachtain seo caite, cuireadh sé a ghuí gur sa bhuiséad a bhí an chuid is measa den scéal. Mar d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin ina óráid ar lá an bhuiséid go raibh athbhreithniú eile le déanamh ar an gcaiteachas poiblí agus de ghnáth ní spáráltar an Ghaeilge nó an Ghaeltacht sna hathbhreithnithe seo. B’amhlaidh an scéal nuair a d’fhógair an Bord Snip Nua a moltaí siúd sa bhliain 2009. Go deimhin, bhí an Bord Snip Nua ag iarraidh go ndúnfaí Roinn na Gaeltachta féin agus go bhfágfaí cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta faoin Roinn Oideachais. Níor glacadh leis an moladh scanrúil sin, ach más fíor do thuairiscí áirithe faoi na cainteanna maidir le bunú an chomhrialtais in Earrach na bliana 2011, bhí sé déanach go maith sa lá nuair a thug Roinn na Gaeltachta na cosa léi.

Tháinig Roinn na Gaeltachta slán sa deireadh ach fágann na ciorruithe atá déanta uirthi ag an Rialtas seo agus an ceann a chuaigh rompu go bhfuil sí níos laige ná mar a bhí riamh. Dúirt McGinley an tseachtain seo caite go raibh beagnach ¤40 milliún le caitheamh ag a Roinn ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i 2014, ach is í fírinne an scéil í ná nach mbeidh fágtha ag an Roinn féin ach pinginí suaracha faoin am go mbeidh a buiséad dáilithe. Dá molfaí arís in athbhreithniú nua go gcuirfí deireadh le Roinn na Gaeltachta, bheadh sé níos deacra ná riamh cás a dhéanamh ar son í a choiméad. Mhol an Bord Snip Nua chomh maith go n-aistreofaí feidhmeanna fiontraíochta Údarás na Gaeltachta go Enterprise Ireland. Ní bheidh ach dríodar airgid ag an údarás i 2014. Dúirt príomhfheidhmeannach an údaráis Steve Ó Cúláin an tseachtain seo caite gur ar éigean go mbeadh dóthain de bhuiséad ag an eagraíocht an bhliain seo chugainn chun na postanna atá cruthaithe sa Ghaeltacht acu a choiméad gan trácht ar fhostaíocht nua a chruthú.

Ghéill Liam Ó Cuinneagáin, iar-chathaoirleach bhord an údaráis, ar Nuacht TG4 Dé Céadaoin seo caite go raibh seans ann gur ag díriú ar chúrsaí teanga agus cultúrtha amháin a bheadh an eagraíocht amach anseo. Má tharlaíonn sé sin beidh an rud a bhí uathu le fada faighte ag mandairíní na Roinne Airgidis, agus más é an plean a bhí acu an t-údarás a dhéanamh chomh bocht sin mar eagraíocht fiontraíochta go mba chuma ann nós as dó sa deireadh, chaithfeá a rá go bhfuil ag éirí go geal leis an bplean céanna. Ba rídheacair faoin dtráth seo cás a dhéanamh i gcoinne aistriú feidhmeanna fiontraíochta Údarás na Gaeltachta chuig Enterprise Ireland dá molfaí a leithéid arís san athbhreithniú nua. Shamhlófá go gcaithfeadh an t-athbhreithniú nua súil ghéar chomh maith ar eagraíochtaí ar nós TG4 agus RnaG go háirithe i bhfianaise a raibh le rá faoin dá stáisiún le déanaí sa tuarascáil ar an gcraoltóireacht phoiblí a rinne an comhlacht cuntasóireachta Crowe Horwath don BAI. Mar thoradh ar an obair sin, tá RnaG á scrúdú faoi láthair ag an áisíneacht stáit NewEra agus tá TG4 ag ullmhú plean cúig bliana nua bunaithe ar bhonn airgeadais níos “réadúla”.

Thug saineolaithe stuama blianta fada ag éileamh go rachfaí i muinín na pleanála teanga mar leigheas ar chruachás na Gaeilge. Ach is cosúla anois an phleanáil teanga le leithscéal ná leigheas. Leithscéal áisiúil atá ann ag polaiteoirí atá ag iarraidh éalú ó cheisteanna faoi chiorruithe nó faoi chúlú an Stáit óna dhualgas i leith na Gaeilge. Ba chóir dúinn a bheith buíoch is cosúil go bhfuil straitéis 20 bliain againn, go bhfuil Aire Stáit ón nGaeltacht agus Taoiseach le Gaeilge againn, go bhfuil córas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus leathmhilliún euro ar fáil do phobal na Gaeltachta chun go gcuirfidís féin an córas i bhfeidhm.

Ba chóir a bheith buíoch, is cosúil, gur ann dúinn in aon chor.

www.irishtimes.com

Foilsithe ar Gaelport.com 23 Deireadh Fómhair 2013

The Irish Times – Seán Tadhg Ó Gairbhí