Méid an Téacs

Foláireamh tugtha maidir le fógra na Roinne Oideachais faoi bhunú Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad

Samhain 19, 2015

Tá foláireamh tugtha dóibh siúd atá ar son bunú Gaelcholáiste i Maigh Nuad gan na maidí a ligean le sruth.

Tá an Foras Pátrúnachta agus lucht an choiste atá ag plé le bunú an Ghaelcholáiste buartha faoi ghnéithe éagsúla d’fhógra na Roinne Oideachais inné go mbunófar Gaelcholáiste Mhaigh Nuad i 2019.

D’fháiltigh an Foras Pátrúnachta agus lucht an choiste atá ag plé le bunú an Ghaelcholáiste roimh fhógra na Roinne Oideachais inné go raibh sé le bunú i 2019, ach dúradh nár cheart “eirí as an mbrú” nó talamh slán a dhéanamh de go mbunófar an Gaelcholáiste.

D’iarr an Foras Pátrúnachta, a bheadh mar chomhphatrún ar an ngaelcholáiste nua, ar an Aire Oideachais Gaelcholáiste Mhaigh Nuad a oscailt i 2016 seachas i 2019 chun nach bhfágfaí ar an dtrá fholamh na daltaí atá sna hardranganna faoi láthair i gColáiste Pobail Mhaigh Nuad, mar a bhfuil Aonad Gaeilge.

“Táimid ag iarraidh ar an Aire an chéad chéim eile a ghlacadh agus an dáta a thabhairt ar aghaidh go Meán Fómhair 2016. Bheadh an Gaelcholáiste in ann oscailt sa suíomh ina bhfuil an tAonad faoi láthair go dtí go mbeidh comhaontú ann ar chóiríocht bhuan.

“Má dhéantar é sin, bheadh na daltaí reatha sna hardranganna in ann freastal ar an nGaelcholáiste agus beidh a siblíní in ann freastal air amach anseo,” a dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta.

Mheabhraigh Aileen Keogan ón gCoiste Bunaithe dóibh siúd atá ag feachtasaíocht ar son an Ghaelcholáiste go bhfuil geallúint na Roinne ag brath ar líon na ndaoine a chláróidh leis an Aonad Gaeilge i gColáiste Pobail Mhaigh Nuad as seo go ceann trí bliana.

“Cuirimid fáilte ó chroí roimh cheadú Gaelcholáiste i gCill Dara Thuaidh. Ní féidir linn éirí as an mbrú a chur ar pholaiteoirí, áfach,” a dúirt Aileen Keogan.

Tá daoine i gCill Dara Thuaidh ag éileamh go mbunófaí Gaelcholáiste sa cheantar le tríocha bliain anuas.
Scéal ó www.tuairisc.ie