Méid an Téacs

Fóram Plé: Dea-scéal don Ghaeilge le heisiúint thorthaí an Teastais Shóisearaigh

Meán Fómhair 14, 2012

Cúis áthais, faoisimh agus ceiliúrtha is ea an lá inniu do na mílte daltaí a rinne scrúduithe an Teastais Shóisearaigh an samhradh seo.

Ach ní do na daltaí amháin an chúis áthais mar gur chruthaigh staitisticí thorthaí na bliana seo go bhfuil meon níos dearfaí á léiriú ag daltaí scoile i dtreo Ghaeilge Ardleibhéil an Teastais Shóisearaigh.

Tá ardú tagtha ar líon na ndaltaí ag déanamh scrúdú Ardleibhéil i gcoitinne de bharr athruithe ar an scéim mharcála. Chomh maith leis sin, tháinig ardú 72% ar líon na ndaltaí a bheartaigh scrúdú béil a dhéanamh i mbliana. De bharr dúblú na marcanna don scrúdú béil roghnach, roghnaigh níos mó ná leath as an 50, 809 dalta a rinne an Teastas Sóisearach i mbliana scrúdú Ardleibhéil Gaeilge a dhéanamh – sin ardú 51.4% ar an 49.5% anuraidh.

Ach an bhfuil cothromaíocht i gceist ó thaobh an bhuntáiste atá ag daltaí a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil ar scoil agus sa bhaile? Labhair Gaelport.com le beirt phríomhoidí as Gaelscoil agus as scoil lonnaithe sa Ghaeltacht maidir le cás a gcuid scoileanna féin.

Iarradh ar Shéamus Ó Ceanainn, Príomhoide Ghaelcholáiste Chill Dara, Nás na Ríogh, an raibh athrú tar éis teacht ar chaighdeán Gaeilge na ndaltaí le déanaí de bharr athruithe sa chóras marcála?

“Ta sé deacair a rá a bhfuil athrú tar éis teacht ar an gcaighdeán Gaeilge sa scoil, seans go mbeidh sé níos soiléire i gceann cúpla bliain. Caithimid a bheith fíor-chúramach leis an gcóras marcála sa tslí ina bhfuil sé faoi láthair toisc gurb iad na múinteoirí a dhéanann measúnú ar a ndaltaí féin. Is gá a bheith cinnte go bhfuil cothromaíocht i gceist ar fud na tíre agus go bhfuil rudaí so-fheicthe. Tá obair le déanamh go fóill go dtí go bhfuil córas iomlán inmharthanach curtha i bhfeidhm. “

Ó thaobh marcanna de is iad na cailíní a d’éirigh leo an líon A1 is mó a bhaint amach sa scrúdú Ardleibhéil. As 1159 dalta a rinne scrúdú Ardleibhéil d’éirigh le 841 caillín A1 a bhaint amach i gcomparáid le 318 buachaill a bhain A1 amach.

Iarradh ar Áine Ní Cheallaigh, Príomhoide ar Mheánscoil San Nioclás, An Rinn Ó gCuanach, an raibh buntáiste ag daltaí ag freastal ar scoil Ghaeltachta ó thaobh an scrúdaithe cainte de?

“Ní dhéanann aon dalta sa scoil seo scrúdú béil don Teastas Sóisearach mar go bhfuil an Ghaeilge labhartha acu ó dhúchas. Bheinn in amhras chomh maith maidir leis an gcóras féin agus faoin measúnú a dhéantar ar na daltaí. Baineann an fhadhb leis an Roinn Oideachais agus an tslí nach bhfuil polasaí Gaeilge curtha i bhfeidhm ann. Tá caighdeán go mór de dhíth orthu.

Maidir le marcanna na gcailíní i gcomparáid leis na buachaillí, bíonn an rud céanna i gceist i gcónaí. Baineann an difríocht sna marcanna le nádúr – de gnáth bíonn cailíní níos díograisí ó thaobh oibre scoile de ag an aois sin ná buachaillí.”

GAELPORT