Méid an Téacs

Foras Pátrúnachta agus Coistí Gairmoideachais in iomaíocht

Iúil 26, 2012

Tá an Foras Pátrúnachta agus Coistí Gairmoideachais ag dul in iomaíocht maidir le meánscoileanna lánGhaeilge nua a osclófar sna blianta beaga amach romhainn.

Dar leis an bhForas Pátrúnachta ba cheart go mbeadh gach scoil lánGhaeilge faoina chúram.

“Déanann sé ciall go mbeadh pátrún amháin ag plé leis na scoileanna lánGhaeilge ar fad,” arsa Caoimhín Ó hEaghra, Príomhfheidhmeannach an Fhorais, “pátrún atá aitheanta mar eagraíocht a labhraíonn ar son na gaelscolaíochta.”

Dúirt Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath nach n-aontaíonn siad leis an dearcadh seo áfach.

“Tá cáil shuntasach orainn ó thaobh scoileanna nua a fhorbairt i gContae Bhaile Átha Cliath agus ta muid mar phátrún ar 26 coláiste faoi láthair,” arsa urlabhraí.

“Is coláistí lánGhaeilge ceithre cinn acu sin a chuireann oideachais ar fáil trí mheán ár dteanga náisiúnta, Coláiste de hÍde, Gaelcholáiste Reachrann, Coláiste Cois Life agus Coláiste Chilliain.  Cuirtear an Ghaeilge chun cinn go láidir sna seirbhísí a chuireann muid ar fáil.”

Tá iarratais curtha isteach ag Coistí Gairmoideachais agus ag an bhForas Pátrúnachta do mheánscoileanna lánGhaeilge a osclófar i gCarraig Uí Laighin i gCorcaigh agus i mBaile Brigín i nDún Droma i mBaile Átha Cliath.

Beidh pátrún éagsúla ag dul in adharca a chéíle maidir le bunscoileanna in 44 ceantar ina bhfuil ganntanas éagsúlachta sa chóras oideachais, dar leis an bhFóram ar Phátrúnacht agus Iolrachais.

Tá gaelscoileanna i bhformhór na gceantar cheana féin ach tá 12 cheann ann nach bhfuil teacht ar an ngaescolaíocht iontu – An Pasáiste, Ros Cré, Biorra, Ceanannas, Baile Chill Dara, Ros Mhic Triúin,  Baile Chill Mhantáin, na Sceirí, agus na bruachbhailte san ardchathair mar a leanas; Mullach Eadrad, an Halla Bán, Port Mearnóg agus Baile Átha Cliath 4.

Beidh an Roinn Oideachais ag déanamh suirbhé san fhómhair ar mhianta na dtuismitheoirí sna ceantair ó thaobh teanga teagaisc agus sainmheoin chreideamh.  Níl cead ag coistí gairmoideachais a bheith ina bpátrúin ar bhunscoileanna faoi láthair ach tá siad ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an mbeac sin.

D’fhógair an tAire Oideachais níos luaithe i mbliana go dtógfar 20 bunscoil i gceantracha ina bhfuil an daonra ag fás, ina measc, gaelscoileanna i gCnoc na Cathrach i nGaillimh, i mBaile Chill Dara agus sa Chéim, Teach na Giúise-Tamhlacht agus Mullach Eadrad i mBaile Átha Cliath.

Tá gaelscoileanna i bhformhór na gceantracha cheana féin.

Beidh Foras na Gaeilge ag foilsiú tuairisce maidir le suirbhéanna éagsúla a rinneadh ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge san athbhliain.

Ina measc sin, tá taighde a rinne Instidiúid Teangeolaíochta Éireann in 2000 a léirigh go gcuireadh 23.4% de thuismitheoirí na Poblachta a bpáistí chuig gaelscoil dá mbeadh ceann ar fáil go háitiúil.  Ardaíonn sé seo go dtí 30% nuair a chuirtear daoine gan tuairm as an áireamh.

www.gaelsceal.ie