Fós ag fanacht le freagra ó Enda Kenny – Feachtasóirí ag lorg cruinniú le FG chun polasaí Gaeilge a phlé
Feabhra 3, 2011
Tá FEACHTASÓIRÍ Gaeilge buartha nach bhfuil dada cloiste acu ó Enda Kenny maidir le bualadh leo chun polasaí Gaeilge Fhine Gael a phlé. Creideann Guth na Gaeltachta go bhfuil polasaithe Gaeilge níos láidre ag na páirtithe eile.
Thug siad an rabhadh go mbeadh sé ‘ar cheann de na buillí is tromchúisí don teanga ó bunaíodh an stát’ dá mbeadh an Ghaeilge mar ábhar roghnach don Ardteist. Mura ndéanann Fine Gael athruithe ar a bpolasaí; beidh Guth na Gaeltachta ag tabhairt spreagadh do chainteoirí Gaeilge tacaíocht a dhiúltú dóibh san olltoghchán. Bhí an méid seo le rá ag Éamonn Mac Niallais, urlabhraí do Ghuth na Gaeltachta: Nuair a rinneadh teangacha roghnach sa GCSE i Sasana, thit an líon mac léinn a bhí ag déanamh staidéir orthu go tubaisteach ó 78% in 2001 go dtí 44% in 2009.
Níl aon dabht ach go mbeadh tionchar ollmhór ag an chinneadh seo i rith an bhealaigh fríd an chóras oideachais sa tír seo agus ní hamháin ag leibhéal na Ardteiste. “Chomh maith leis sin bheadh tionchar tubaisteach aige ar na Coláistí Samhraidh agus bheadh ísliú mór ar dheiseanna fostaíochta do mhuintir na Gaeltachta.” Bhuail ionadaithe ó Ghuth na Gaeltachta agus ó Chonradh na Gaeilge le hEamon Gilmore, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre agus Brian O’ Shea, urlabhraí Gaeilge an pháirtí, le chéile i nGaillimh go gairid chun an cheist a phlé. Dheimhnigh Gilmore nár aontaigh a pháirtí le polasaí Fhine Gael agus go gcoinneoidh siad an Ghaeilge mar ábhar éigeantach má tá siad mar chuid den chéad rialtas eile. Dúirt sé freisin go seasfaidh Páirtí an Lucht Oibre an fód in aghaidh Fhine Gael ar an gceist seo.
Dúirt Mac Niallais le Foinse: “Tar éis an chruinnithe i nGaillimh an tseachtain seo caite, seoladh litir chuig Enda Kenny ag lorg cruinniú ach níl aon fhreagra faighte againn go fóill.” Creideann sé go mbeidh tionchar ollmhór ag ceist na Gaeilge ar an gcaoi a gcaitheann muintir na Gaeltachta “Tuigeann muintir na Gaeltachta go maith an tábhacht atá leis na coláistí samhraidh. Is cinnte nach í an Ghaeilge an chéad chloch ar an phaidrín ag formhór na ndaoine sa tír seo faoi láthair ach sílim go mbeidh tionchar áirithe ag an Ghaeilge chuile áit’’ a dúirt sé.
Dar leis, má dhéanann na polaiteoirí ábhar roghnach as an nGaeilge ní ardóidh siad líon na gcainteoirí; ach a mhalairt a dhéanfadh sé. “Tá pobal na Gaeltachta an bhuartha faoin cheist seo. Tuigeann siad go maith go bhfuil muid ag am cinniúnach do thodhchaí na teanga agus tá sé in am ag polaiteoirí na tíre, ionadaithe tofa na ndaoine, ceannasaíocht a léiriú ó thaobh cheist na teanga de” a dúirt sé. Dúirt foinse ó Fhine Gael leis an nuachtán seo aréir go raibh an páirtí ag déanamh machnaimh ar leasuithe a dhéanamh ar an bpolasaí Gaeilge atá acu, toisc go dtuigeann siad go bhfuil daoine míshásta leis na moltaí atá acu faoi láthair. Creidtear go seolfar pleananna Fhine Gael don teanga an tseachtain seo chugainn agus leis na pleananna seo tá lucht Fhine Gael ag súil leis an gcaoi ina múintear an Ghaeilge a athrú go mór.
Cuid d’fhorógraí Gaeilge na bpríomhpháirtithe don olltoghchán:
An Comhaontas Glas: Aonad Gaeilge a bhunú i Roinn an Taoisigh, tuilleadh cumhachta a thabhairt don choimisinéir teanga, deontas TG4 agus Raidió na Gaeltachta a ardú
Sinn Féin: Tuilleadh maoinithe a chur ar fáil d’oideachas trí mheán na Gaeilge, forbairt do choláiste oiliúna Gaeilge do mhúinteoirí, an Ghaeilge a choinneáil mar ábhar éigeantach.
Fianna Fáil: Líon na gcainteoirí Gaeilge a ardú ó 83,000 go 250,000, 20 faoin gcéad de na háiteanna i gcoláistí oideachais a choinneáil dóibh siúd ar cuireadh oideachas orthu trí Ghaeilge, EUR 1.5m curtha ar leataobh chun tacaíocht a thabhairt don straitéis ina chéad bhliain
Fine Gael: Sonraí le fógairt go fóill.
Páirtí an Lucht Oibre: Sonraí le fógairt go fóill
Foinse – Orla Bradshaw