Méid an Téacs

Gabh chuig Goitse!

Eanáir 6, 2014

Bunaíodh Goitse i 2010 mar pháipéar míosúil áitiúil Thír Chonaill, ach cuireadh deireadh leis i mí an Mheithimh 2011 mar gheall ar easpa maoinithe.

Cuireadh feachtas ar bonn ar na mallaibh chun an nuachtán a athbhunú agus chun trí eagrán a chur amach. D’éirigh leis – bailíodh €5,000 agus tháinig an chéad eagrán amach i mí na Nollag. Ní bhfuair an páipéar airgead ar bith ón rialtas agus rinneadh an obair uilig go deonach. Tá eagrán clóite ann agus tá sé ar an Idirlíon chomh maith (goitse.org).Tá cuma an-phroifisiúnta ar an nuachtán. Cluaitear an nuacht is déanaí (stoirmeacha mhí na Nollag ina measc!), na healaíona, siamsaíocht, oideachas agus spórt. Tá leathanach ann do dhaoine óga. Tá gearrscéal ann le Bríghid Ní Mhonachán.

Tá ómós ann le Noel Ó Gallchóir do Thomás Mac Giolla Bhríghde a fuair bás ar na mallaibh. Fuair Tomás Céim Oinigh ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar gheall ar a obair ag cruthú fostaíochta i nGaoth Dobhair agus ag cur chun cinn an chultúir agus na Gaeilge. Bhí sé ina bhall d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair ó 1938 go dtí 2013. Bhí sé ina aisteoir; scríobh sé drámaí; léirigh sé drámaí. Fear soilse agus fear smidte a bhí ann fosta! Chum sé an t-amhrán ‘ Cumha an oiléain’ faoi Ghabhla. ‘Athair maith, fear céile dílis, fíor-Ghael agus fíor-Chríostaí’a bhí ann. Comhghairdeas leis an fhoilseachán nua: tá súil agam go dtiocfaidh fás agus forbairt air.

Ba chóir Goitse a chur ar bonn trachtála agus dáiliúchán a shocrú. Is léir go bhfuil na féidearthachtaí ann. De réir cosúlachta tá suim ag daoine i nGaeltachtaí eile ina leithéid. Ach nach gcuireann sé iontas ort go bhfuil grúpa áitiúil ábalta nuachtán tarraingteach beomhar a chur amach agus nach bhfuil Foras na Gaeilge in ann tacú le páipéar seachtainiúil clóite? Cad chuige a bhfuilimid ag fanacht, cad chuige a bhfuilimid ag fanacht….?

www.derryjournal.com