Méid an Téacs

Gaeilge an tSamhraidh 2013 i gCeatharlach

Aibreán 23, 2013

Sheol Glór Cheatharlach clár an tsamhraidh le déanaí atá lán d’imeachtaí oiriúnach do gach aoisghrúpa.

Am gnóthach a bheidh ann don Ghaeilge i gCeatharlach le clár iomlán ó Mhí Bealtaine go Mí Iúil. Cuirfear tús le sraith nua de na ranganna Gaeilge do dhaoine fásta an tseachtain dar tús 13 Bealtaine. Is í seo an cúigiú bhliain de na Cúrsaí do dhaoine fásta atá curtha ar fáil ag Gaelchultúr i gCeatharlach. Beidh trí leibhéal ar fáil an samhradh seo le Bunrang 2, Méanrang 1 agus Meánrang 2. Is cúrsaí deich seachtaine atá i gceist le ranganna oíche amháin sa tseachtain. Beidh an Bunrang ar an Luan agus na Meán leibhéil ar an Mháirt. Is ó 7.00-9.00i.n a bheidh na ranganna agus iad uile ar siúl in oifigí Chomhairle Chontae Cheatharlach ar Bhóthar Átha Í. Tá gach eolas ar www.gaelchultur.com agus is féidir clárú ar líne chomh maith.

I rith laethanta saoire an tsamhraidh eagrófar Coláiste Samhraidh do dhéagóirí, Campa Samhraidh do pháistí bunscoile agus Campa na nÓg do pháistí óga ó 5-7 mbliana d’aois. Is í seo an cúigiú bhliain as a chéile a reachtáilfear an Coláíste Samhraidh do dhéagóirí i gCeatharlach. Tabharfaidh sé seo rogha eile do dhaltaí gur mhian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge ach nach bhfuil fonn orthu trí seachtaine a chaitheamh i bhfad ó bhaile sa Ghaeltacht. Agus iad ag freastal ar Choláiste Samhraidh Cheatharlach bainfidh daltaí i rang 6 go scoláirí na hardteistiméireachta taitneamh as taithí Gaeltachta ó chompord a mbaile féin. Bhí ráth ollmhór ar an gcoláiste samhraidh ó 2009 agus táthar ag súil go mór le cúrsa 2013 chomh maith. Beidh an coláiste ar siúl ar feadh coicíse idir 9.30 r.n. agus 1.30 i.n. gach lá ó 1ú go 12ú Iúil. Cuirfear clár suimiúil ar fáil le ranganna agus imeachtaí in oiriúint do dhaltaí i rang 6 agus micléinn 1ú agus 2ú bliain i ngrúpa na sóisear agus daltaí níos sine i ngrúpa na sinsear. Is i nGaelcholáiste Cheatharlach a bheidh an coláiste samhraidh lonnaithe. I measc na n-imeachtaí a bheidh faoi chaibidil beidh ceachtanna Gaeilge agus seisiúin cainte, díospóireachtaí agus amhránaíocht, cluichí agus spórt chomh maith le rince céilí agus iad seo uile déanta trí mhéan na Gaeilge. Tabharfar deis do na daltaí spraoi agus spórt a bhaint as an gColáiste Samhraidh, casadh le cairde nua agus ag an am céanna cur lena gcuid líofachta sa teanga.

‘Sé €200 táille iomlán an Choláiste Samhraidh. Chun áit a chur in áirithe caithfear foirm iarratais comhlánaithe agus éarlais €50 a chur ar aghaidh go luath. Beidh Campaí na nÓg ar siúl i Naíonra Ghráig Chuilinn ón 8-19ú Iúil i mbliana agus is féidir clárú do cheachtar den dá sheachtain. Eagrófar meascán d’imeachtaí oiriúnach do pháistí idir 4-6 bliana d’aois ó 10.00r.n.-1.00i.n. agus beidh obair ealaíne agus ceardaíochta, cluichí agus turasanna áitiúla ina measc. Tá costas €40 in aghaidh na seachtaine ar an gcampa seo. Gach eolas ó Lorraine ar (085) 7377041 nó ó oifig Glór Cheatharlach. Agus beidh Campa Samhraidh oiriúnach do pháistí níos sine idir 7 agus 10 mbliana d’aois ar siúl i nGaelscoil Cheatharlach ó 15-19 Iúil. Beidh 50 áit ar fáil agus clúdóidh an táille €50 imeachtaí uile an Champa. I measc na ngníomhaíochtaí beidh snámh, cluichí, ealaín, amhránaíocht, ceardaíocht, rince céilí agus roinnt turasanna i rith na seachtaine. Beidh an campa ar siúl ó 10r.n. – 2i.n. ón Luan 15ú go dtí an Aoine 19ú Iúil. Tá gach eolas faoi na himeachtaí samhraidh uile ar fáil Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach. Is féidir clárú ach glaoch ar 059 9158105, 085 1340047 nó rphoist a sheoladh chuig emma@glorcheatharlach.ie

Bígí linn do Shamhradh na Gaeilge 2013 i gCeatharlach!

www.carlow-nationalist.ie