Gaelbhrat do mheánscoileanna
Meitheamh 6, 2013
Cé go bhfuil an scoil bhliain mheánscoile críochnaithe agus aird anois ar scrúdaithe stáit, tá Conradh na Gaeilge ag pleanáil chun cinn do mhí Mheán Fómhair seo chugainn agus scéim nua, Gaelbhrat, á fhorbairt acu.
Is scéim ghradaim é an Gaelbhrat a thugann aitheantas do scoileanna a oibríonn le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad, idir mhic léinn, múinteoirí, bord bainistíochta agus Coiste Tuismitheoirí. Is í aidhm na scéime nó scoileanna dara leibhéal na tíre a spreagadh chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad ar bhonn pleanáilte, leanúnach agus taitneamhach.
Cuireadh tús leis an scéim nua seo ar bhun píolóta i mbliana le roinnt scoileanna timpeall na tíre mar chuid d’imeachtaí Bhliain na Gaeilge. Beidh an Gaelbhrat bunúsach le baint amach ag an scoil sa chéad bhliain agus beidh deis ansin Gaelbhrat dírithe ar réimse faoi leith, ar nós an cheoil, spóirt, an phobail, srl. a bhaint amach ina dhiaidh sin.
Tá an scéim á leathnú i mí Mheán Fómhair agus tá súil ag Conradh na Gaeilge go spreagfar úsáid na Gaeilge sa scoil, go spreagfar comhoibriú idir na mic léinn, na
múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile agus go mbeidh aitheantas ón bpobal do thiomantas na scoile leis an nGaeilge a chur chun cinn.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphoist a sheoladh chuig gaelbhrat@cnag.ie
www.advertiser.ie/galway