Méid an Téacs

Gaeloideachas nó dátheangachas?

Samhain 15, 2010

Mheabhraigh mé ar cheist mhórchúiseach ‘Gaeloideachas nó dátheangachas?’ cúpla seachtain ó shin agus mé in Albain le toscaireacht de dhíograiseoirí Gaeilge ó na sé chontae.

Bhí muid ar thuras staidéir trí lá go hAlbain inár bhuail mé le roinnt grúpaí agus gníomhaithe Ghaeilge na hAlban. Dream spreagúil, díograiseach a bhí iontu a thug muid go Parlaimaid na hAlba i nDún Éideann, go Glaschú agus go Cumbernauld- áit ar fhoghlaim muid fá thógraí athbheochana teanga den scoth a chuir lúcháir ar ár gcroíthe. Thóg muid nascanna buaina a bheas ag bailiú nirt sna blianta amach romhainn.

Mar sin féin, is cuairt a thug muid ar bhunscoil agus meánscoil dhátheangach a chothaigh buairt ionam, chan amháin fá Ghaeilge na hAlban i gcóras oideachais s’acu, ach fán athbheochan teanga seo againne in Éirinn.

Go deimhin, is ar éigean a d’fhéadfaí scoil dhátheangach a thabhairt orthu sa chaoi is go raibh sciar maith de na páistí gan Gaeilge ar a dtoil acu ar chor ar bith. Aonaid Ghaeilge na hAlban i scoileanna Béarla a bhí iontu agus is iad na haonaid seo atá go mór i réim thall.

I mBunscoil Cumbernauld, bheannaigh an príomhoide dúinn le cúpla focal Gaeilge ag an doras sular fhill sí ar an Bhéarla. Mhínigh sí nach raibh líofacht aici agus go raibh 137 páiste san aonad Gaeilge agus 107 sa chuid Bhéarla.

Bhí córas iomlánaithe i réim seachas ceann deighilteach, dar léi. Scoilphobal amháin a bhí iontu le héiteas amháin. An t-aon difear idir na páistí, dar léi, ná gur fhág sciar maith acu an scoil le caighdeán ard Gaeilge agus Béarla seachas an dream eile a d’fhág le Béarla amháin.

D’admhaigh sí gur Béarla a bhí mar theanga an chlóis, teanga an tionóil maidine agus teanga na bhfoirne peile mar bhí ‘Béarla acu uilig ar ndóigh’. Dúirt sí gur oibrigh córás s’acu ar bhonn ‘comhionannais’ seachas ar bhonn scoilteach inár raibh dhá aonad ar leith ann le féinaithne dhifriúil a d’fhéadfadh naimhdeas a chothú.

Príomhoide cumasach a bhí inti ar scoil mhaith inár raibh ardchaighdeán oideachais. Scoil Bhéarla le cur chuige dátheangach den chuid is mó. Áit nach raibh comhionannas idir na teangacha le fírinne.

Ní ‘Gaelscoil’ a bhí ann in aon chor, dar liom.

Bhí an bhunscoil mar ‘feeder’ chuig an mheánscoil, áit ar fháiltigh an leasphríomhoide agus an ‘Captain’ linn nuair a chuaigh muid ar cuairt. Bheannaigh muid dóibh i nGaeilge na hAlban ach ghabh siad leithscéal mar nach raibh Gaeilge ag ceachtar acu.

Mhínigh an leasphríomóide go raibh 1,300 ar an scoil seo agus 35 san Aonad Gáidhlig. Bhí a seomra ranga féin acu. Rinne siad ceithre ábhar trí Ghaidhlig ‘s an chuid eile trí Bhéarla go dtí deireadh na dara bliana. Ó shin ar aghaidh, ní raibh na háiseanna teagaisc acu chun leanúint leis an Ghaeilge agus mar sin, bhog siad isteach go hiomlán leis an ghnáthscoil Bhéarla.

Bíodh is gur féidir a áiteamh go bhfuil Gaeilge na hAlban in áit níos láidre mar gheall ar na hAonaid seo, ní dóigh liom gur féidir a léiriú go gcuireann siad le sealbhú nó aistriú teanga san fhadtéarma.

Taispeánann taighde idirnáisiúnta teangeolaíochta agus sochtheangeolaíochta gur fríd an tumoideachas is fearr a tharlaíonn an t-aistriú seo.

I dTír na mBascach sa Chatalóin agus sa Bhreatain Bheag – áiteanna láidre athbheochana- ní chuirfidís muinín in aon chur chuige eile. Tá sé le tuiscint acu mar lucht athbheochana ar theangacha mionlaigh gur fíor an méid a deir Alberto Memmi, ‘In the linguistic conflict between the powerful and powerless, the mother tongue of the colonised is that which is crushed’.

Is fríd an tumoideachas a chothaítear sealbhú teanga cuí sa dara teanga agus féiniúlacht neamhspleách a bhíonn seasmhach agus muiníneach inti féin. Brúnn an dátheangachas i scoileanna, áit na leathphingine ar an ‘chol ceathrair bocht’- an mionteanga atá i gcónaí ag snámh in aghaidh an tsrutha teangeolaíochta.

Is í an fhís radacach dhíchoilínithe chéanna, a thuig Memmi, a spreag muintir Ghaeltacht Bhóthar Seoighe nuair a bhunaigh siad an chéad Ghaelscoil tumoideachais sna sé chontae i 1971 i gceantar bunaicmeach agus in ainneoin comhthéacs corraitheach ina raibh an pobal náisiúnach faoi léigear polaitiúil stáit agus míbhuntáiste socheacnamaíochta.

Bunaíodh í agus mhair sí gan tacaíocht airgeadais ar bith ón stát ar feadh ceithre bliana déag. Mhair sí agus d’fhás sí mar go raibh sí fréamhaithe sa phobal. Chothaigh sí misneach, cumhachtú, féinmhuinín agus féiniúlacht i measc pobal a fágadh ar an trá fholamh. Thug sí deis don phobal seilbh agus úinéireacht a ghlacadh ar chinniúint agus oideachas s’acu féin. Le héiteas ilchreidmheach, measúil, oscailte agus mealltach a chuaigh sí i bhfeidhm ar an mhórphobal ó thuaidh.

Is í an fhís pobail chéanna a spreag Scoil an tSeachtar Laoch i mBaile Munna i 1973. B’éigean don dá scoil agus na pobail a dhlúthaigh leo maireachtáil in ainneoin freasúracht fhíochmhar ón Eaglais agus ón Stát- institiúidí a chuir cumhacht heigeamaineach s’acu féin os comhair mhianta an phobail; institiúidí a bhí amhrasach fá ‘chumas agus ábaltacht’ an phobail.

Rinneadh neamhaird ar na hinstitiúidí agus lean pobail éagsúla sampla na gceannródaithe seo agus an mana iomráiteach, ‘ná habair é, dean é’. Mar thoradh air seo, cruthaíodh oideachas don phobal, trí mheán an phobail agus ar son an phobail.

Os a choinne sin, ní i bhfad a bhíonn siad siúd le cumhacht in Éirinn ina suan. De réir a chéile, tháinig na ‘haonaid’ Ghaeilge i scoileanna Béarla chun cinn mar an bealach ‘gearrthéarmach’, ‘praiticiúil’, ‘gairmiúil’ agus ‘níos saoire’ chun an Ghaeilge ‘a fhorbairt’ sa chóras oideachais.

Bíodh is go ndeirtear go minic go mbeidh deis forbartha don ‘aonad’ bheith ina scoil neamhspleách sa todhchaí, is fíor-annamh a tharlaíonn seo. Lena chois sin, beidh aon fhorbairt ag brath ar dhea-thoil agus bá ó phríomhoide is gobharnóirí sa scoil Bhéarla. Ó dheas, níor éirigh ach le scoil amháin forbairt ina scoil shaor-scartha agus dúnadh roinnt eile.

Ainneoin go bhfuil roinnt eile ag feidhmiú, ní mór dúinn aon ‘choigiltí gearrthéarmacha don cháiníocóir’ a mheas in éadan na mbuntáistí tumoideachais agus athbheochana teanga a chailltear i gcuir chuige na n-aonaid.

Ó thuaidh, chríochnaigh seanstraitéis státseirbhíseach seo na hAonaid mar rogha na coitiantachta le blianta beaga anuas i measc iad siúd le ‘dualgas reachtúil’ chun an Gaeloideachas a fhorbairt.
Is mar gheall ar an straitéis seo atá roinnt mhór ‘Gaelscoileanna’ sna Sé Chontae faoi stiúir agus ar shuíomh Scoileanna Caitliceacha agus easpa scoileanna saorscartha beartaithe.

An bhfuil amhras ar aon duine go gcuirfidh an straitéis seo deireadh le fís Bhóthar Seoighe agus lehearnáil an Ghaeloideachais i gcoitinne? Ní amháin go gcaillfear an fhís ilchreidmheach, neamhspleách agus an fhéiniúlacht shainiúil a bhí fréamhaithe in úinéireacht agus cumhachtú pobail ar mhaithe le hoideachas Caitliceach ina bhfuil daltaí le Gaeilge; ach is cinnte gur boichte deiseanna tógála na Gaelscolaíochta agus athbheochan na Gaeilge trí chéile mar gheall air.

Sa mhílaois úr, ina mbeidh 50% do theangacha an domhain ag fáil bháis fríd bhrú sochpholaitiúil, sochtheangeolaíochta agus socheacnamaíochta ó theangacha cumhachtacha ar nós an Bhéarla, nach mithid dúinn tús a chur le díospóireacht dháiríre fán mhodh oideachais is oiriúnaí do shlánú na Gaeilge?

Is gníomhaire teanga é an Dr. Fearghal Mac Ionnrachtaigh i mBéal Feirste. Oibríonn sé do Forbairt Feirste.